Am: 17:11 UTC | Dáta: 29 Aibreán | Féach freisin ar: 2024
21 Nollaig Brúchtadh Sundhnúkur; Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn i rith mhí na Nollaig 2023, agus bhrúcht bolcán nua
15 Nollaig Eachtra lámhaigh in Shegaia; maraíodh triúr Giúdach i nGaza - bhí cumas Hamas orthu
13 Nollaig Ghlac Donald Tusk mionn na hoifige mar phríomh-aire ar an bPolainn
10 Nollaig D’éirigh le Daniel Wiffen an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach
5 Nollaig — Rosemary Smith, tiománaí railí Éireannach ; 6 Nollaig — Marisa Pavan, ban-aisteoir Iodálach ; 7 Nollaig — Thomas Kilroy, scríbhneoir Éireannach ; 8 Nollaig — Ryan O'Neal, aisteoir Meiriceánach ; 26 Nollaig — Feargal Mac Amhlaoibh, scríbhneoir, ceoltóir agus gníomhaí teanga ; 27 Nollaig — Jacques Delors
30 Samhain - 13 Nollaig COP28, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide
23 Samhain Ionsaí scine ar leanaí taobh amuigh den Ghaelscoil Choláiste Mhuire, Cearnóg Parnell, BÁC. Bhris círéib amach níos déanaí.
5 Samhain — David Hilditch, polaiteoir aontachtach ; 13 Samhain — Diarmuid Breathnach, Údar, beathaisnéisí, leabharlannaí, agus craoltóir ; 18 Samhain — Ben Dunne, fear gnó Éireannach ; 19 Samhain — Rosalynn Carter, Céadbhean na Stát Aontaithe ; 28 Samhain — Charlie Munger, fear gnó Meiriceánach ; 29 Samhain — Henry Kissinger, polaiteoir Meiriceánach ; 30 Samhain — Shane MacGowan, ceoltóir agus amhránaí de shliocht Éireannach
28 Deireadh Fómhair Thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.
28 Deireadh Fómhair Cluiche Ceannais Rugbaí an Domhain; chloígh na Springboks foireann All Blacks na Nua Shéalainne 12-11
25 Deireadh Fómhair Toghadh Mike Johnson mar Spéicéir SAM, i bhfad amach ar an eite dheis
25 Deireadh Fómhair Lámhaigh Lewiston, Maine; dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó Lámhach Robb Elementary in 2022
17 Deireadh Fómhair Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza; I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann
15 Deireadh Fómhair. Toghchán parlaiminte na Polainne; bhí páirtí Donald Tusk in ann comhrialtas leathan a dhéanamh leis Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.
9 Deireadh Fómhair Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia; rinne Iosrael ruathair aeir roinnt uaireanta ar Jabalia, an campa teifeach is mó in Gaza, le linn Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023
7 Deireadh Fómhair Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí ollmhór, gan choinne, ar Iosrael Mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael
5 Deireadh Fómhair Ionsaí diúracán ar Horza. ar cheann de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh, Ionradh na Rúise ar an Úcráin
9 Deireadh Fómhair — Chuck Feeney, fear gnó Meiriceánach ; 9 Deireadh Fómhair — Críostóir Ó Floinn, file agus drámadóir Éireannach ; 13 Deireadh Fómhair — Louise Glück, file Meiriceánach ; 21 Deireadh Fómhair — Bobby Charlton, imreoir sacair Sasanach ; 28 Deireadh Fómhair — Matthew Perry, aisteoir Meiriceánach agus Ceanadach
19 Meán Fómhair Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh agus 'glanadh eitneach'; chuir na hAsarbaiseánaigh an ruaig ar na hAirméanaigh go léir (120,000 Airméanach
10 Meán Fómhair D'éirigh Luis Rubiales as a phost, in aghaidh a thola, mar uachtarán Chumann Sacair na Spáinne
10 Meán Fómhair Scrios Stoirm Daniel cathair Derna sa Libia; fuair breis is 10.000 duine bás, is cosúil agus b'fhéidir níos mó.
8 Meán Fómhar Crith talún Marrakesh–Safi i Maracó; Cailleadh b'fhéidir 3,000 duine
4 Meán Fómhair Stoirm Daniel; fuair breis is 10.000 duine bás sa Libia, is cosúil agus b'fhéidir níos mó.
9 Meán Fómhair — Mangosuthu Buthelezi, polaiteoir as an Afraic Theas ; 13 Meán Fómhair — Roger Whittaker, ceoltóir ; 19 Meán Fómhair — Breandán Ó Doibhlin, scoláire ; 19 Meán Fómhair — Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir ; 19 Meán Fómhair — Séamus Ó hUltacháin, File agus scríbhneoir Gaeilge ; 22 Meán Fómhair — Evelyn Fox Keller, Fisiceoir, údar, agus feimineach Meiriceánach ; 27 Meán Fómhair — Michael Gambon, aisteoir ; 28 Meán Fómhair — Dianne Feinstein, seanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá ; 30 Meán Fómhair — Liam Prút, scríbhneoir Gaeilge as Tiobraid Árann
19 - 27 Lúnasa Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain
23 Lúnasa Thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí
23 Lúnasa Tuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin; feallmharaíodh ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner
20 Lúnasa Scannal Luis Rubiales; Ba mhór an scannal an chaoi ar iompair Luis Rubiales, iaruachtarán chónaidhm sacair na Spáinne, é féin le linn Corn Domhanda FIFA na mBan 2023.
19 Lúnasa Luna-25; theip ar an Rúis an spásárthach Luna-25 a thabhairt i dtír ar phol theas na gealaí (cf Chandrayaan-3, spásárthach ón India).
14 Lúnasa Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal.
13 Lúnasa Bua ag Áth Cliath i gcoinne Ciarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh ar scór 0-18 : 1-10
8 Lúnasa Sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann) nó PSNI
1 Lúnasa Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump; chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal
3 Lúnasa — Bram Moolenaar, forbróir bogearraí Ollannach ; 5 Lúnasa — Hélène Carrère d'Encausse, staraí agus polaiteoir Francach ; 8 Lúnasa — Johnny Hardwick, aisteoir, fuirseoir, agus scríbhneoir Meiriceánach ; 11 Lúnasa — Pervez Musharraf, polaiteoir ; 16 Lúnasa — Michael Parkinson, Craoltóir agus iriseoir Sasanach ; 19 Lúnasa — Howard James Hubbard, easpag Caitliceach
30 Iúil Bua ag Luimneach i gcoinne Cill Chainnigh i gCluiche Ceannais Sinsir Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar scór 0-30 : 2-15
30 Iúil Bua ag Áth Cliath i gcoinne Ciarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar scór 1-15 : 1-13
23 Iúil Olltoghchán na Spáinne; bhí dóthain tacaíochta faighte ag Pedro Sánchez (Sóisialach) le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn
4 Iúil Stoirm Poly: Buaileadh iarthuaisceart na hÍsiltíre go háirithe, an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa réigiún sin
3 Iúil Géarchéim Iosrael-Palaistín; rinne Arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar
7 Iúil — Valerie Cowie, síciatraí comhairleach Briotánach ; 10 Iúil — Ben Briscoe, polaiteoir Éireannach ; 11 Iúil — Milan Kundera, údar Seiceach ; 16 Iúil — Kevin Mitnick, haiceálaí Meiriceánach ; 21 Iúil — Ann Clwyd, polaiteoir Breatnach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ; 21 Iúil — Tony Bennett, amhránaí Meiriceánach ; 24 Iúil — Trevor Francis, imreoir sacair agus bainisteoir Sasanach ; 26 Iúil — Sinéad O'Connor, amhránaí
27 Meitheamh - Iúil - Círéibeacha Francacha, tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel Merzouk
23–24 Meitheamh Theip ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner sa Rúis
18 Meitheamh Inphléascadh fhomhuireán Titan, ag tabhairt turas faoin raiceáil RMS Titanic
14 Meitheamh Tubaiste imirceach sa Mhuir Iónach; maraíodh cúpla céad imirceach nuair a d'iompaigh bád béal faoi sa Mhuir Iónach
13 Meitheamh Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain; Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C
8 Meitheamh Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil, tar éis dó imeacht as an Teach Bán
6 Meitheamh Bearnú damba Kakhovka san Úcráin; bhí réimse mór tíre sa réigiún báite ag an maidhm mhór uisce, an tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’.
3 Meitheamh 2023 Cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.
2 Meitheamh Falscaithe i gCeanada; Loisceadh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh
8 Meitheamh — Paul Coghlan, polaiteoir Éireannach ; 12 Meitheamh — Silvio Berlusconi, polaiteoir Iodálach ; 13 Meitheamh — Cormac McCarthy, scríbhneoir Meiriceánach ; 13 Meitheamh — Christy Dignam, amhránaí Éireannach ; 15 Meitheamh — Glenda Jackson, aisteoir agus polaiteoir Sasanach ; 25 Meitheamh — John Bannister Goodenough, fisiceoir ; 29 Meitheamh — Alan Arkin, aisteoir Meiriceánach ;
28 Bealtaine Toghcháin réigiúnacha na Spáinne; d'fhulaing an Pháirtí Sóisialach (PSOE) buille mór; d'fhógair Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez olltoghchán nach raibh aon choinne leis.
18 Bealtaine Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann; Fuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha den chéad uair riamh
14-28 Bealtaine Toghchán uachtaránachta na Tuirce. Ar an 3 Meitheamh 2023, cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.
9 Bealtaine E. Jean Carroll v. Donald J. Trump : rinne Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll sa bhliain 1995 / 1996
6 Bealtaine Corónú Shéarlais III agus Camilla sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine Lámhach scoile Béalgrád Maraíodh naonúr in eachtra lámhaigh, i scoil Vladislav Ribnikar in aice leis an mBéalgrád
3 Bealtaine Ionsaí dróin ar an gCreimlín; iarracht Vladimir Putin a mharú le dróin sa Chreimil
2 Bealtaine - 27 Meán Fómhair Stailc Writers Guild of America
1 Bealtaine — Gordon Lightfoot, amhránaí agus cumadóir Ceanadach ; 4 Bealtaine — Robert Carswell, breitheamh Briotanach ; 6 Bealtaine — Derek Keating, polaiteoir Éireannach ; 24 Bealtaine — Tina Turner, amhránaí Meiriceánach ; 27 Bealtaine — Graham Knuttel, dealbhóir agus péintéir ; 29 Bealtaine — Tove Skutnabb-Kangas, teangeolaí Fionlannach
19 Aibreán Táinrith Sanaa,i bpríomhchathair Éimin, Sana'a, maraíodh os cionn nócha duine nuair a bhuail scaoll slua agus thit na daoine i mullach a chéile
18 Aibreán Dominion Voting Systems v. Fox News Network shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion
11-14 Aibreán Cuairt Joe Biden ar Éirinn
14 Aibreán Leasú pinsin sa Fhrainc, ... ag dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois, in ait dhá bhliana is seasca
Aibreán — Freddie Scappaticci, brathadóir agus gníomhaire faisnéise de chuid na R-A ; 4 Aibreán — Nigel Lawson, polaiteoir ; 10 Aibreán — Maelíosa Stafford, aisteoir agus fear amharclainne ; 19 Aibreán — Seán Ó Tuairisg, iriseoir ; 20 Aibreán — Tomás Mac Ruairí, iriseoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge ; 20 Aibreán — Seán Ó Tuairisg, craoltóir ; 21 Aibreán — John Tranter, file agus eagarthóir Astrálach ; 22 Aibreán — Barry Humphries, fuirseoir agus aisteoir Astrálach ; 22 Aibreán — Hugh Byrne, polaiteoir Éireannach ; 25 Aibreán — Harry Belafonte, amhránaí Meiriceánach ; 28 Aibreán — Jerry Springer, iriseoir
17 Márta Barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith Vladimir Pútín, an chéad uair a eisítear a leithéid le haghaidh ceannaire bhall seasmhach de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
10 Márta Géarchéim airgeadais; theip an banc, 'Silicon Valley Bank' (SVB) i gCalifornia
4 Márta Conradh na Mórmhara, conradh na N-A chun farraigí an domhain a rialú.
1 Márta — Harry Belafonte, amhránaí ; 3 Márta — Camille Souter, ealaíontóir Éireannach ; 3 Márta — Kenzaburo Ōe, údar Seapánach ; 6 Márta — Seán P. Ó hÉalaí, Iriseoir agus craoltóir Éireannach ; 8 Márta — Bert I. Gordon, stiúrthóir scannán Meiriceánach ; 24 Márta — Brian Mac Aongusa, Ceannaire Raidió na Gaeltachta ; 28 Márta — Paul O'Grady, fuirseoir agus aisteoir Sasanach ; 28 Márta — Ryūichi Sakamoto, ceoltóir Seapánach ;
28 Feabhra Tuairt traenach Tempi sa Ghréig; maraíodh 57 duine
27 Feabhra Creat Windsor; rinne an R-A agus an tAontas Eorpach margadh Breatimeachta
22 Feabhra Dlí Dáithí - dlí maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann.
22 Feabhra Lámhach John Caldwell; scaoileadh póilín ar an Ómaigh, an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell agus baint lárnach aige le mórfhiosrúcháin coiriúla, mar shampla Dúnmharú Lyra McKee
6 Feabhra Crith talún Gaziantep, An Tuirc agus Siria. Maraíodh b'fhéidir 60,000.
2/3 Feabhra Balúin bhrathadóireachta na Síne; sheol an tSín balúin brathadóireachta os cionn na Stát Aontaithe
8 Feabhra — Burt Bacharach, ceoltóir ; 13 Feabhra — Deirdre Purcell, scríbhneoir ; 15 Feabhra — Raquel Welch, ban-aisteoir Meiriceánach ; 17 Feabhra — Barry Humphries, fear grinn agus aisteoir Astrálach
30 Eanáir Buamáil mhosc Peshawar; os cionn 60 maraithe; cuireadh an milleán ar an Talaban de chuid na Pacastáine.
10 Eanáir Marú Tyre Nichols; Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach. Ach níl aon fhianaise ann go raibh sé sin fíor.
3 - 7 Eanáir Toghchán an Chinn Comhairle Kevin McCarthy chun Teach na nIonadaithe i SAM
9 Eanáir Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl; thug lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit i mBraisilia
5 Eanáir Sochraid an Phápa Beinidict XVI i gCearnóg Pheadair i gCathair na Vatacáine
1 Eanáir Ionsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka; Maraíodh líon mór saighdiúirí Rúiseacha
9 Eanáir — Karl Alexander Müller, fisiceoir Eilvéiseach ; 9 Eanáir — Séamus Ó Beaglaoich, cairdíneoir agus amhránaí ; 10 Eanáir — Marú Tyre Nichols, íospartachí ; 12 Eanáir— Lisa Marie Presley, ceoltóirí ; 12 Eanáir — Gerrie Coetzee, dornálaí as an Afraic Theasí ; 16 Eanáir — Carrie Acheson, polaiteoir Éireannachí ; 18 Eanáir — John L. Murray, breitheamh Éireannachí ; 18 Eanáir — David Crosby, ceoltóir ; 21 Eanáir — Micheál Mac Gréil, sagart agus scoláire ;
Aimsir na bliana 2022: Bhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain.
31 Nollaig ː d'éag Pápa Beinidict XVI
29 Nollaig ː d'éag Pelé, an "t-imreoir sacair is fearr riamh".
Nollaig ː Stoirm gheimhridh, Meiriceá Thuaidh
21 Nollaig ː d'éag Feargal Ó Béarra, ar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne
19 Nollaig ː comhaontú, Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht, COP 15
9 Nollaig ː Scannal caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa
15 Nollaig ː Scannal Elonjet agus Twitter
7 Nollaig ː Comhcheilg coup d'état sa Ghearmáin
5 Nollaigː Dúirt eolaithe in California go raibh "mórfhionnachtain" déanta acu ab fhéidir an bealach a réiteach don fhuinneamh glan san am atá romhainn, fuinneamh comhleá
21 Samhain ː Crith talún in iarthar Iáva san Indinéis
20 Samhain - 18 Nollaig ː Corn FIFA an Domhain
11 Samhain : Ghlac an Úcráin seibh ar Kherson
8 Samhain : Vicky Phelan, íospartach Scannal CervicalCheck.
8 Samhain : Toghcháin "lár téarma". na Stát Aontaithe ; d'éirigh na Daonlathaithe níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leo
7 Samhain ː Patrick Ireland, ealaíontóir Éireannach
6-18 Samhain : COP27 san Éigipt
8 Samhain : Toghcháin na Stát Aontaithe 2022; d'éirigh níos fearr leis na Daonlathaigh sna toghcháin ná mar a bhí súil leis
31 Deireadh Fómhair : bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl
27 Deireadh Fómhair : Cheannaigh Elon Musk an comhlacht Twitter
25 Deireadh Fómhair : Bhuaigh Shehan Karunatilaka an Duais Booker, le The Seven Moons of Maali Almeida, aoir osnádúrtha faoin mbeatha tar éis an bháis
28 Deireadh Fómhair : d'éag Jerry Lee Lewis
24 Deireadh Fómhair : d'éirigh Liz Truss, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, as
16 Deireadh Fómhair : d'éag Noel Ó Dúgáin, sárghrúpa Clannad (Pádraig sa bhliain 2016)
14 Deireadh Fómhair : tugadh an bóthar do Kwasi Kwarteng, Sheansailéir ar an Státchiste na R-A
6 Deireadh Fómhair ː Ollsléacht Nong Bua Lamphu, An Téalainn
7 Deireadh Fómhair ː Pléasc ar an Chraoslach
7 Deireadh Fómhair : Bronnadh an Duais Nobel ar Svante Pääbo, duine de bhunaitheoirí na paléigéineolaíochta
28 Meán Fómhair ː Double Asteroid Redirection Test
23 Meán Fómhair : Thosaigh géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe, 2022
19 Meán Fómhair : Reáchtáladh Sochraid Bhanríon Eilís II
10 Meán Fómhair ː Olluaigh Izium
8 Meán Fómhair : d'éag Eilís II, Banríon
30 Lúnasa : d'éag Míchail Gorbaitseov, Iar-cheannaire an Aontais Shóivéadaigh
28 Iúil ː d'éag Pauline Bewick, ealaíontóir i gCo Chiarraí
17 Lúnasa ː An tAcht Laghdaithe Boilsciú (acht aeráide na S-A)
8 Lúnasa : d'éag Olivia Newton-John, amhránaí agus ban-aisteoir Astrálach
5 Lúnasaː Géarchéim Iosrael-Palaistín
1 Lúnasa : d'éag Clíodna Cussen, dealbhóir, file agus scríbhneoir
31 Iúil : Feallmharaíodh Ayman_al-Zawahiri, máinlia agus ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda
27 Iúil : Mick Moloney, scoláire agus bailitheoir ceoil, eitnicheoleolaí, ceoltóir, agus Luimníoch
26 Iúil : d'éag James Lovelock an t-eolaí Sasanach agus gníomhaí timpeallachta, a scríobh an leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth, 1979
25 Iúil : d'éag David Trimble, an Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Stormont ó 1998 go 2002
Mí-Iúil ː Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain
14 Iúil ː d'éag Ivana Marie Trump, mainicín agus péiceallán sóisialta Seiceach-Mheiriceánach
8 Iúil : Feallmharaíodh Shinzo Abe, iarphríomh-aire na Seapáine agus é i mbun feachtasaíochta
7 Iúil : dúirt Boris Johnson go raibh sé ag éirigh as mar Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe
Iúil ː Agóidí i Srí Lanca
Iúil ː Tonnta teasa san Eoraip
27 Meitheamh ː Eachtra imirceach San Antonio
14 Meitheamh - Deireadh Fómhair ː Tuilte sa Phacastáin ; aon trian den tír báite
14 Meitheamh ː Plean tearmainn na Ríochta Aontaithe in Ruanda, ... ar fionraí
29 Bealtaine ː d'éag Lester Piggott, jacaí Sasanach
27 Bealtaine ː Ionsaí diúracán ar ionad siopadóireachta in Kremenchuk
24 Bealtaine ː Lámhach Robb Elementary
22 Bealtaine : d'éag Dervla Murphy, scríbhneoir Éireannach, an-tugtha don taisteal
14 Bealtaine ː Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
6 Bealtaine ː d'éag Seán Garvey, amhránaí sean-nóis
5 Bealtaine ː Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann ; d'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an DUP
19 Aibreán ː d'éag Kane Tanaka, an duine is sine ar domhan ag an am
14 Aibreán ː Bhuail dhá dhiúracán 'Neptune' de chuid na hÚcráine an long Moskva
8 Aibreán ː Ionsaí ar stáisiún traenach i Kramatorsk
10 -12 Aibreán ː Dúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee
1 Aibreán : Sléacht Bucha san Ucráin. Fuarthas 458 corp, sibhialtaigh go léir, i ndiaidh na heachtra
1-4 Márta ː 6ú Tuarascáil de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide
24 Feabhra ː Ionsaí ar Oileán na Nathar
24 Feabhra ː Ionradh na Rúise ar an Úcráin
22 Feabhra ː bhí cosc curtha ag an nGearmáin le próiseas deimhniúcháin phíblíne Nord Stream 2.
17 Feabhra ː d'éag Tomás Mac Síomóin, Scríbhneoir agus eolaí
4 - 20 Feabhra ː Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh
20 Eanáir: d'éag Meat Loaf, ceannródaí an rac-cheoil i Nashville
14 Eanáir ː Brúchtadh Hunga Tonga–Hunga Haʻapai#
14 Eanáir ː Jim Fahy, iar-Eagarthóir RTÉ san Iarthar
2022 ː Géarchéim fuinnimh Aontas Eorpach - An Rúis
2021 - Feabhra ː Géarchéim Rúis-Úcránach, 2021-2022
Insealbhaíodh Joe Biden mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach.
D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig COVID-19.
Tháinig Uachtarán na Stát Aontaithe go hÉirinn. Bhuail sé leis an Taoiseach, Leo Varadkar, agus chuir mac leis, Donald Jr., cuairt ar an Dún Beag i gContae an Chláir. Chaith sé an oíche in a óstán féin. Tháinig sé ar ais óna chuairt go dtí an Fhrainc leis an oíche ina diaidh sin a chaitheamh ann chomh maith.
Searmanas ann chun duaiseanna Oscars a bhronnadh. Bhuaigh Ben Cleary duais don ghearrscannán beo-aicsin Stutterer. Bhuaigh Brie Larson duais don aisteoir mná is fearr. Bhí ról aici sa scannán Éireannach Room.
Fuair breis is 700 duine bás agus gortaíodh 800 duine, agus iad ag déanamh an Hajj, oilithreacht Moslamach, i Meice, san Arab Shádach. Telegraph Londan
Thug an Pápa Proinsias cuairt ar na Stáit Aontaithe. Thug sé óráid os comhair Chomhdhála SAM i Washington, D.C. ar 24 Meán Fómhair agus dúirt sé Aifreann i Madison Square Garden i gCathair Nua-Eabhrac ar an 25ú lá. The Washington Post
Thug an Pápa Proinsias cuairt ar Chúba. Ar 21 Meán Fómhair dúirt sé an tAifreann i Plaza de la Revolución i Havana.
Bhí staid éigeandála fógraithe ag an Ungáir, toisc go raibh os cionn 200,000 teifeach agus imirceach tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana.
Thosaigh scannánaíocht don scannán Star Wars ar Sceilg Mhichíl ar feadh trí lá don dara huair le breis is bliain.
Thit crann tógála thíos ar an Masjid al-Haram, nó an Mosc Mór, i Meice, san Araib Shádach. Fuair 111 duine bás agus rinneadh damáiste don fhoirgneamh. ABC News
Dúnadh mótarbhealach an Ostair i ndiaidh do líon mór teifeach iarracht a dhéanamh a mbealach a dhéanamh chuig an bpríomhchathair, An Vín. Bhí na teifigh ag trasnú ó theorainn na hUngáire. Nuacht RTÉ
Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go gcuirfidh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann. Nuacht RTÉ
Bhí ball sinsearach de Shinn Féin, Bobby Storey gafa maidir le fiosrúchán dúnmharaithe Kevin McGuigan Nuacht RTÉ
D’éirigh an bhanríon Eilís II na Ríochta Aontaithe ar an mbanríon is faide i réim I Sasana ar an lá seo.
Phléasc an grúpa a thugann Stát Ioslamach orthu féin, an teampall atá áirithe i measc na seoid is mó cáil i gcathair ársa Palmyra i Siria. Ba seo an teampall ba thábhachtaí do mhuintir na Siria agus do thurasóirí araon Nuacht RTÉ
Bhí 200 duine ar a laghad básaithe anois sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an fharraige sin a thrasnú Nuacht RTÉ
Fuarthas leoraí tréigthe, lámh le teorainn na hUngáire, le breis is 70 corp dreoite. 59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí i gcúl an leoraí, cailín bliain d'aois ina measc Nuacht RTÉ
Lámhachadh agus dúnmharaíodh Kevin McGuigan, iar-bhall den IRA ag a theach i mBéal Feirste. Athair naonúr clainne, 53 bliain d'aois a bhí ann. Nuacht RTÉ
Ina 11ú tarrtháil ó thosaigh sí ag obair sa Mheánmhuir, phioc an LÉ Niamh1 25 inimircigh ó bhád inséidte a raibh an iomarca daoine ar bord amach ó chósta Libia. Bhí 26 ban agus 7 páistí i measc na ndaoine a tháinig ón Afraic fho-Shahárach, An Nigéir, Gána, Mailí, Tóga agus An Cósta Eabhair ina measc. Dúirt Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh nár bhain gortú le héinne. Aistríodh 375 daoine eile ón long Iodálach an Mimbelli ina dhiaidh sin.
Gabhadh triúr ón Libia agus beirt ón Ailgéir agus gáinneáil ar dhaoine curtha ina leith. Dhá lá roimhe, bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. Nuacht RTÉ
Bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. I bPalermo na Sicile Nuacht RTÉ. Chuaigh an LÉ Niamh i gcabhair le bád iascaireachta. Tuairiscítear go raibh 700 ar bord. Lainseáil an LÉ Niamh dhá bhád inséidte ach sular shroich siad an bád chuaigh sé béal faoi san uisce. Tógadh 367 daoine agus 25 chorp ar bord ón uisce agus tá baol ann gur bádh níos mó ná 185 daoine. Bhí Dignity 1, bád de chuid Médécins Sans Frontières (MSF), agus na longa Iodálacha an Sirio agus an Mimbelli ag cuidiú leis an tarrtháil. Newstalk => Éíst le Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh ag caint faoin tarrtháil ar Newstalk
In Aerfort Bhaile Átha Cliath cuireadh fáilte mhór abhaile roimh na lúthchleasaithe Éireannacha a bhí páirteach sna Cluichí Speisialta Oilimpeacha 2015 i Los Angeles. D'éirigh leis na 88 lúthchleasaí 82 bonn ar fad a thabhairt abhaile leo, 26 bonn óir, 28 bonn airgid agus 28 bonn cré umha. Nuacht RTÉ
D'fhreastal na sluaite ar chómóradh 100 bliain ó adhlacadh Diarmuid Ó Donnabháin Rossa i Reilig Ghlas Naíon Nuacht RTÉ
Gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le Banc Angla-Éireannach. Nuacht RTÉ
Rialaigh Eurostat (áisíneacht staitisticí an Aontais Eorpaigh nach féidir an maoiniú stáit atá faighte ag Uisce Éireann a bhaint as clár comhordaithe an státchiste. Nuacht RTÉ
Tháinig cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh ar shocrú faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpach don nGréig atá réidh le cur i bhfeidhm agus a chuimsíonn leasuithe airgeadais agus cúnamh airgeadaíochta.
Tharrtháil an LE Niamh 243 imirceach a bhí ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ó chósta na hAfraice. Rinneadh an tarrtháil 80 ciliméadar siar ó thuaidh de phríomhchathair na Libia, Tripilí. Tuairiscítear go raibh 183 fear, 33 bean agus 27 páistí ar bord an bháid adhmaid beag. TheJournal.ie
Níos déanaí an lá céanna, agus an 243 fós ar bord chuidigh an LÉ Niamh le tarrtháil eile ó bháirse a d´fhág cósta na Libia go luath ar maidin. Tógadh 210 inimircigh ar bord, 35 páistí ina measc. Tógadh na daoine eile ar bord long de chuid Médecins Sans Frontières, an MV Dignity. Níos déanaí fuarthas 14 marbh i mbolg an bháid tar éis do gach duine eile a aistriú ón mbáirse. Creidtear go bhfuair siad bás de bharr aisfisce nó gur brúdh chun bháis iad. Tógadh na daoine a tarrtháladh go calafort Messina, an tSicil. Irish Times
Tharrtháil an LÉ Niamh 265 daoine, 13 ban agus 8 páistí ina measc ó bháirse adhmaid amach ó chósta Tripilí. Níos déanaí an lá sin ghlac sí le 114 daoine ó MV Dignity, long de chuid Médecins Sans Frontiéres. Bhí 14 de na mná ag iompar agus bean amháin, Grace, i dtinneas clainne. Rugadh a leanbh agus í ar bord agus ghlaoigh sí Destiny uirthí. Tógadh máthair agus leanbh chuig ospidéal sa tSicil agus na daoine eile go Palermo. Irish Times
Tharrtháil an LÉ Niamh 98 duine ó bhád inséigthe 76 muirmhíle amach ó chósta Tripilí 265 daoine ó bhád inséigthe an lá dár gcionn. over-360-migrants-in-mediterranean-1.2290934 Irish Times
Thosaigh an bád cabhlaigh LÉ Niamh (faoi Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall) ag obair sa Mheánmhuir ó lár an tsamhraidh ag tarrtháil agus ag cuidiú le hinimircigh atá ag teitheadh ó fhoréigean, éagóir nó bochtanas ina dtíortha féin. Is í an dara bád cabhlaigh Éireannach atá ar dhualgais tarrthála sa Mheánmhuir ó mhí na Bealtaine. Chaith an LÉ Eithne sé seachtain amuigh ann roimhe sin agus tuairiscítear gur shábháil sí 3,400 inimircigh i rith na tréimhse sin . Is go Meán Fómhair a bheidh cabhlach na hÉireann ag cabhrú sa Mheánmhuir ach seans go mbeidh síneadh á chur leis sin. Irish Examiner
Bhí páirtí nua polaitíochta ar a dtugtar ' Na Daonlathaigh Shóisialacha' seolta ag na Teachtaí Dála Stephen Donnelly, Catherine Murphy agus Róisín Shortall. Nuacht RTÉ
Bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is deich mbliana taidhleoireachta. Nuacht RTÉ
Bhí socrú faoi chúnamh airgeadais déanta idir an tAontas Eorpach agus an Ghréig Nuacht RTÉ
Seoladh córas cóid poist, Eircode Nuacht RTÉ
D'fhág an LÉ Niamh cósta na hÉìreann ar 10ú Iúil le criú de 57, beirt oibrithe leighis ina measc. Dúirt urlabhraí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na nImirceach Itayi Virri go raibh 2,000 inimircigh báite go dtí seo sa bhliain 2015 agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú. De réir eolais ó Aireacht Intíre na hIodaíle bhí smuigléirí daoine, ón Libia den chuid is mó, freagrach as níos mó ná 100,000 inimircigh a sheoladh trasna na farraige chun na hIodáile i mbliana.
Chaith 61.3% de vótálaithe na Gréige a vótaí i gcoinne na mbearta déine a mhol an tAontas Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach don tír.(Reuters)
I Vancouver Cheanada rug foireann na Stát Aontaithe an bua i gCorn Domhan (FIFA) na mBan ar fhoireann na Seapáine, 5-2. (BBC)
Dhúnmharaigh Dylann Roof naonar i séipéal i Charleston i stát Carolina Theas.
Rinne an grúpa aerlínte IAG go raibh tairiscint de €1.4 míle milliún déanta aige do Aer Lingus. Ghlac an Rialtas Éireannach an tairiscint IAG i dtaca leis an úinéireacht 25% a bhí aige féin in Aer Lingus ar an 26 Bealtaine 2015.
'Ní mór gníomhú láithreach ar son an chomhshaoil' a dúirt an Pápa Proinsias (atá oilte sa cheimic) i litir a scríobh sé chuig na hEaspaig.
Tubaiste i mBerkeley, California: Bhásaigh seisear mic léinn as Éirinn nuair a thug balcóin in árasán uaidh. Bhí seachtar eile gortaithe go dona.
Leachtaíodh an comhlacht Clerys go tobann agus bhí an siopa i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath dúnta. Chaill 460 duine a gcuid postanna. Ghlac an comhlacht Natrium seilbh ar fhoirgneamh Clerys.
Ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne. (TG4, Reuters)
Tarrtháladh na céadta imirceach ón mBanglaidéis agus imircigh Rohingya i gcúige Aceh in Iarthuaisceart na hIndinéise.
Thug an Prionsa Séarlas na Breataine Bige cuairt ar Éirinn. Chroith Prionsa Séarlas agus ceannaire Shinn Féin Gerry Adams láimh lena chéile ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ghabh an Prionsa buíochas as bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh roimhe fhéin. An lá dár gcionn, thug an Prionsa cuairt ar an Mullach Mór i gContae Shligigh, áit ar maraíodh a sheanuncail an Tiarna Mountbatten agus triúr eile in ionsaí buamála a rinne an tIRA Sealadach i 1979.
I Waco, Texas, maraíodh 9 agus gortaíodh 18 tar éis de dhíormaí gluaisrothaithe a bheith ag scaoileadh futhu agus tharthu i gcarrchlós teach tábhairne. Bhí 192 duine gafa ag póilíní.
D'imigh an ceoltóir B.B. King ar shlí na fírinne. Áirítear é i measc na seinnteoirí giotár is fearr a mhair riamh. Chuaigh i gcionn ar ghlúin iomlán seinnteoirí.
D'imigh Derek Davis, léitheoir nuachta agus láithreoir clár siamsaíochta in RTÉ, ar shlí na fírinne.
Sheol an Coimisiún Eorpach moltaí le dul i ngleic le géarchéim na n-imirceach, go nglacfadh tíortha uile an Aontais Eorpaigh le céatadán faoi leith imirceach ; i gceist 20,000 imirceach a ligean isteach san Eoraip na hEorpa as seo go ceann dhá bhliain.
Bhuail crith talún Neipeal agus áiteanna lámh leis. Measadh é a bheith ag 7.8 ar an ngáthscála (MMS) i gcomhar critheanna talún. Fuair na mílte bás.([1])
Phléasc an bolcán Calbuco sa tSile. Bhí iontas ar na saineolaithe mar níor phléasc an bolcán seo le caoga bliain anuas.
Thairg Rialtas na hÉireann cabhair do Rialtas na hIodáile le géarchéim na n-inimirceach tar éis bádh breis is 850 nuair a chuaigh bád béal faoi, 85km amach ó chósta Libia i mí Aibreáin 2015. Guardian
Thuairt eitleán le Germanwings sa Fhrainc. Maraíodh 144 paisinéir agus seisear criú a bhí ar an eitleán Airbus A320. Stiúraigh an comhphíolóta, Andreas Lubitz d'aon turas an t-eitleán i dtreo sléibhte na nAlp. B'as an Ghearmáin agus an Spáinn formhór na ndaoine a maraíodh. Bhí an t-eitleáin ag dul ó aerfort Bharcelona agus go Düsseldorf sa nGearmáin.
(New York Times, The Huffington Post)
.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Cúrsaí reatha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.