Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil is ea Mícheál Ó Máirtín (Béarla: Micheál Martin) (rugadh 1 Lúnasa 1960), a toghadh mar cheannaire an pháirtí sin an 26 Eanáir 2011.
Ceapadh é ina Thaoiseach ar an 27 Meitheamh 2020,. D'éirigh sé as ar 17 Nollaig 2022, nuair a ceapadh é mar Thánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gnóthaí Eachtracha.
Sa bhliain 1984, Bbhí sé ina mhúinteoir i gColáiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí, Bliain ina dhiaidh sin, toghadh é chun na Comhairle Cathrach Chorcaí, ag éirí ina Ardmhéara in 1992.
Phós Mary O'Shea sa bhliain 1990; bhí cúigear clainne orthu ach bhásaigh beirt.
D'éirigh leis a bheith tofa chun na Dála den chéad uair in olltoghchán 1989 agus ceapadh é ina aire sinsearach rialtais ceithre huaire le linn d'Fhianna Fáil a bheith i réim ó 1997 go dtí 2011.
Is é an cháil is mó atá air ná gurbh é an tAire Sláinte a thug isteach an cosc iomlán ar chaitheamh tobac in áiteanna oibre in Éirinn sa bhliain 2004. Bhí an-rath ar an gcosc seo agus bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a chuir an polasaí seo i bhfeidhm.
Sheas Ó Máirtín in Olltoghchán 2016 agus toghadh arís é le 20.4% de na vótaí chéad rogha.
Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil. Ar an lá céanna, ceapadh Micheál Martin mar Thánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gnóthaí Eachtracha,
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Mícheál Ó Máirtín, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.