Bhuail tuilte an Phacastáin idir 14 Meitheamh - Deireadh Fómhair 2022, de thoradh titim throm báistí.
Séasúr an mhonsúin a bhí ann, ach bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana.
Cineál | tuile tubaiste nádúrtha |
---|---|
Cuid de | 2022 South Asian floods (en) |
Tréimhse | 14 Meitheamh 2022 - |
Tír | an Phacastáin |
Líon básanna | 1,666 |
Líon gortaithe | 12,867 |
Chuaigh aibhneacha sa cheantar thar a mbruacha de bharr na díle báistí. Réabadh dambaí móra agus bhí fuarlaigh ar na bóithre.
Bhí breis is 33 milliún duine, nó duine amháin as seachtar, agus aon trian den tír, buailte ag na tuilte. Fuair breis is 1,600 duine bás.
Rinneadh tithe a leagan agus a scuabadh chun bealaigh. Scriosadh 218,000 teach, agus damáiste déanta do 2 milliún.
Ag deireadh mhí Lúnasa, bhí na seirbhísí éigeandála ar a ndícheall i gcónaí ag iarraidh teacht ar dhaoine i gceantair iargúlta a bhí sáinnithe de bharr na tubaiste. Tugadh le fios go mbeadh suas le milliún campa ag teastáil ar mhaithe le teacht i gcabhair ar dhaoine ar scriosadh a dtithe cónaithe. Tharla tuilte sa Phacastáin chomh maith le linn samhradh 2010, agus fuair beagnach 2,000 bás san am sin. Ach bhí na damáistí i bhfad níos measa sa bhliain 2022, agus ag éirí níos deacra a bheith ag maireachtáil sa tír.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tuilte sa Phacastáin, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.