Reáchtáladh toghcháin sna Stáit Aontaithe ar 8 Samhain 2022, na toghcháin lár téarma.
Theip ar chuid mhór de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo i dtoghcháin lár téarma 2022.
Cineál | United States midterm election (en) United States general election (en) events in a specific year or time period (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 8 Samhain 2022 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Oifig le buachan | Ionadaí na Stát Aontaithe Seanadóir na Stát Aontaithe | |||
Le cuid | ||||
Ba iad an ráta ard boilscithe agus an ginmhilleadh na ceisteanna ba mhó a bhí ag déanamh scime do vótóirí roimh na toghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna. Bhí praghas an bhreosla agus an méid airgid atá ina bpóca ag cur isteach ar an gcuid is mó den phobal.
Bhí 50 suíochán buaite ag na Daonlathaigh, agus 49 ag na Poblachtánaigh i Seanad Mheiriceá(agus vóta réitigh ar 6 Nollaig 2022 in Georgia).
D'éirigh na Daonlathaithe níos fearr i dtoghchán an tSeanaid ná mar a bhíothas ag súil leo. Creidtear gur vótáil sciar suntasach de lucht tacaíochta na bPoblachtach ar son iarrthóirí Daonathacha de bharr a míshásaimh le dearcadh an Pháirtí Phoblachtaigh ar an nginmhilleadh, agus go háirithe le rialú na Cúirte Uachtaraí ar 3 Bealtaine 2022 an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil a chur ar neamhní.
Bhí an lá leis na Poblachtánaigh. Fuair siad smacht ar an Teach agus in ann mar sin clár reachtaíochta an Uachtaráin Joe Biden a shárú. Cé gur éirigh níos fearr leis na Daonlathaigh sna toghcháin seo ná mar a bhí súil leis níl smacht acu ar an gComhdháil níos mó. Dá réir ní bheidh ar a gcumas a gcuid mianta a chur i gcrích mar go gcuirfear ina n-aghaidh ag gach céim de phróiseas casta reachtaíochta na Stát Aontaithe.
Bhí beirt de na hiarrthóirí is mó iomrá a thacaíonn go láidir le dearcadh Donald Trump agus lena sheasamh taobh istigh den Pháirtí Poblachtánach in Arizona – Kari Lake a bhí ag seasamh le haghaidh post an ghobharnóra agus Blake Masters a hí san iomaíocht don Seanad. Ach theiip orthu i ndeireadh an lae.
Thug pobal Georgia droim láimhe don iarrthóir ab ansa le Trump i mí na Bealtaine 2022 a bheith ina ghobharnóir ar an Stát sin – David Perdue. Bhí an lá ag Brian Kemp.
Choimeád seanadóir Catherine Cortez Masto a suíochán i stát Nevada. D'éirigh léi ar éigin ina toghchán i gcoinne Adam Laxalt ón bpáirtí Poblachtánach, a raibh tacaíocht aige ón iar-Uachtarán Trump.
Rug iarrthóir an pháirtí Daonlathach John Fetterman an bua ar an bPoblachtach, an Dr Mehmet Oz, i dtoghchán an tSeanaid i stát Pennsylvania.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Toghcháin na Stát Aontaithe 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.