Sa bhliain 1988, bhunaigh Osama bin Laden an grúpa paraimíleatach Al-Qaeda, a raibh páirt acu i roinnt ionsaithe ar fud an domhain ar feadh na mblianta.
An t-éacht ba mhó a rinneadar ná na h-ionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11 i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 2001.
Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022.
Tá al-Qaeda i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha Meice agus Medina suite.
Tá al-Qaeda i gcoimhlint le Moslamacha eile chomh maith, agus an dearcadh 'liobrálach' atá acu.
Sa bhliain 2004, bhunaigh Abu Musab al-Zarqawi, radacach Iordánach, Jama'at al-Tawhid wal-Jihad (nó جماعة التوحيد والجهاد).
D'athraigh sé ainm an ghrúpa níos déanaí go Tanẓīm Qāʻidat al-Jihād fī Bilād al-Rāfidayn, ("Eagraíocht Bhunáit an Jioháid sa Mheaspatáim", cé go raibh sé ní ba choitianta tagairt don ghrúpa mar al-Qaeda san Iaráic (AQI).
Maraíodh al-Zarqawi sa bhliain 2006.
Mharaigh fórsaí Mheiriceá Bin Laden ar 2 Bealtaine 2011 sa Phacastáin.
... agus go leor eile.... Féach anseo
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Al-Qaeda, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.