Buama (an A-bhuama) a phléascann trí fhuascailt fuinnimh le linn eamhnú adamh trom (úráiniam-235 nó plútóiniam-239).
Cineál | weapon functional class (en) |
---|
Is féidir é a scaoileadh ó eitleán nó fomhuireán, nó le hairtléire. Tá leaganacha ar leith le fuinneamh níos lú ann, le húsáid mar airm bheartacha, agus leaganacha eile a dtugtar buamaí neodrón orthu a tháirgeann an-chuid radaíocht threáiteach neodrón (atá an-mharfach do dhaoine is orgánaigh eile, fiú má bhíonn siad i ndídean) ach nach mbíonn rómhillteach d'fhoirgnimh.
Tá na buamaí teirmeanúicléacha (N-bhuamaí) tagtha in ionad na n-A-bhuamaí cuid mhaith le blianta fada mar na hairm straitéiseacha is bagraí dá bhfuil ann. Bunaithe ar chomhleá adamh éadrom, ach truicearaithe le hA-bhuama, bíonn siad i bhfad níos cumasaí milltí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin airm nó gunna é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Buama adamhach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.