San fhisic, is éard is radaíocht ann ná astú nó tarchur fuinnimh i bhfoirm tonnta nó cáithníní trí spás nó trí mheán ábhair.
Cuirtear na cineálacha seo san áireamh:
Is minic a dhéantar rangú ar chineál radaíochta mar ianaíoch nó neamhianaíoch, ag brath ar fhuinneamh na gcáithníní radaithe. Iompraíonn radaíocht ianaíoch níos mó ná 10 eV, ar leor é chun adaimh agus móilíní a ianú agus naisc cheimiceacha a bhriseadh. Is idirdhealú tábhachtach é seo mar gheall ar an difríocht mhór sa mhéid dochair a dhéantar d'orgánaigh bheo. Foinse choitianta na radaíochta ianaíche is ea ábhair radaighníomhacha a astaíonn radaíocht α, β, nó γ. I measc na bhfoinsí eile tá x-ghathanna ó scrúduithe radagrafaíochta, agus muóin, méisóin, posatróin, neodróin agus cáithníní eile a tháirgtear nuair a dhéanann gathanna cosmacha idirghníomhú le hatmaisféar an Domhain.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Radaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.