Long: árthach mór

Is éard is long ann ná modh iompair ar uisce.

Tá longa in úsáid leis na mílte bliain chun daoine agus lastaí a iompar. Bíonn innill sa chuid is mó de longa an lae atá inniu ann. Gineann na hinnill seo cumhacht chun na liáin faoin uisce a thiomáint agus an long a bhrú ar aghaidh. Úsáidtear rámha, céaslaí agus seolta chomh maith.

Bosca Sonraí SoitheachLong
Long: árthach mór
Saintréithe teicniúla
Cineálwatercraft (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Long: árthach mór
Long.
(1) ceann báid (2) ceann bulba (3) ancaire (4) cabhail (clébhord) (5) scriú-lián (6) deireadh (7) simléar (8) fhordhéanmhas (9) deic.

Iompraíonn tancaeir agus lastlonga lastaí leachtacha ar nós ola agus arbhar. Iompraíonn longa coimeádán na céadta coimeádán le gach saghas earra iontu.

Thóg na hÉigiptigh báid abhann timpeall 3000 RC. Faoi 1500 RC chuaigh siad ar aistir farraige go hoirthear na hAfraice, agus thógadar soithigh timpeall 20 m ar fhad chuige sin. Is iad seo na longa is luaithe a bhfuil taifid iontaofa phictiúrtha orthu ar fáil, agus stiúradh iad le maidí rámha thar dheireadh na loinge.

Meastar go ndearna na Féinícigh an-dul chun cinn sa loingseoireacht mar rinne siad trádáil ar fud na Meánmhara, ach níor fhág siad aon taifead pictiúrtha. Bhí aistir bliana á ndéanamh ag na Sínigh faoin 1ú céad. Bhí an stiúir treo ar dheireadh na loinge in úsáid san Eoraip faoi 100 AD, agus bhí longa 3 is 4 chrann le bulcaidí uisce-dhíonta san Eoraip faoi 200.

Long: árthach mór

Thóg na Gréagaigh is na Rómhánaigh rámhlonga a d'úsáideadh maidí rámha so-ionramháilte don chuid is mó den tiomáint, agus seol cearnach in úsáid nuair a bheadh an ghaoth fabhrach. Bhíodh seol mór cearnach crochta ar chrann aonair ar shoithigh Rómhánacha trádála 28-56 m ar fhad, agus chabhraíodh seol níos lú, ar chrann cinn, leis an stiúradh. Stiúrtaí iad le dhá mhaide rámha nó rámh fada thar dheireadh na loinge.

Long: árthach mór
longa na nUigingeach

Bhí longa na nUigingeach 20-40 m ar fhad. Thiomáintí iad le rigéar cearnach mór is maidí rámha, agus stiúrtaí iad le rámha ollmhór thar an deasbhord i ndeireadh na loinge. Faoin 15ú céad bhí an carbhal le seol laidineach forbartha ag na Portaingéalaigh ina longa 3 is 4 chrann, a bhí in ann taisteal thar na haigéin. As seo tháinig an carrac (an gaileon), le seolta cearnacha in ionad na seolta laidineacha, agus d'fhás an caiseal tosaigh gur chaith sé amach thar thosach na loinge. Faoi seo, bhí an stiúir treo ar dheireadh na loinge i ngnáthúsáid fhorleathan freisin.

Ag an tréimhse chéanna sa tSín, bhí longa 1,500 tonna in úsáid, ina measc longa a bhí plátáilte le hiarann agus armtha le canónacha ó 1371 ar a laghad. Tháinig na Meiriceánaigh chun cinn sa loingseoireacht leis an gclipéar, a bhí níos mó, agus go minic níos tapa, ná na longa Briotanacha.

Long: árthach mór
Cutty Sark, roimh 1916

Shaothraigh na Briotanaigh na clipéir tae, ar sampla maith díobh an Cutty Sark, chun tae is earraí eile a fháil ón oirthear. Ach beagnach díreach ina dhiaidh sin cuireadh as feidhm iad le tógáil Chanáil Suais i 1869, áit nach raibh gaoth ar fiú trácht uirthi, ionas gur chaill na clipéir thapa a mbuntáiste i dtrádáil leis an oirthear.

I 1802 bhí an chéad long gaile, an Charlotte Dundas, ag obair mar thuga ar chanáil Fhoirthe is na Cluaidhe in Albain. An chéad long gaile a thrasnaigh an tAtlantach, an Savannah a tógadh i Meiriceá, tiomáineadh leis an inneall í ar feadh 3½ lá as an 25 lá den aistear.

An chéad aistear iomlán le gal trasna an Atlantaigh, ba é an soitheach Sirius, long 700 tonna de chuid na Breataine, a rinne é i 1838.

Long: árthach mór
Great Eastern Steam Ship, I.K. Brunel

Rinne long cháiliúil de chuid Brunel le lián bíse mar thiomáint, Great Britain, í déthónach le cabhail iarainn, a céad aistear trasna an Atlantaigh i 1844.

Le teacht longa le hinnill gaile ardbhrú i 1860 bhí deireadh le réimeas na long seoil. Le tuirbíní gaile a fuinnmhíodh an Mauritania nuair a bhuaigh sí an Ribín Gorm (an t-aistear is tapa trasna an Atlantaigh) i 1907.

I 1892 fuarthas paitinn don inneall díosail, agus inneall mar seo a d'fhuinnmhigh an Scandia, long 5,000 tonna, i 1912 a léirigh éacht maidir le costas is éifeacht i dtaisteal trasna na n-aigéan.

Long: árthach mór
RMS Queen Elizabeth, 1966.

Níor cuireadh innill díosail i longa paisinéirí go dtí na 1970idí.

I 1968 tógadh an Queen Elizabeth le tuirbíní gaile, ach nuair a athchóiríodh í i 1987 cuireadh innill díosail/leictreacha isteach chun tuilleadh cumhachta is luais a fháil ar chostas níos lú.

Tháinig soithigh a bhí tiomáinte le himoibreoirí núicléacha chun gal a sholáthar do na tuirbíní, ach níor úsáideadh iad i loingeas cumarsáide fós de bharr an ardchostais. Úsáidtear i loingeas míleata iad, fomhuireáin, iompróirí aerárthach, agus bristeoirí oighir. Faoi na 1970idí tógadh tancaeir a dhíláithríonn 600,000 tonna is iad lánluchtaithe.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

InneallIompar

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

EolaíArthur Conan DoyleCathal Ó SearcaighActinomyces israeliih102yZoolanderNewt GingrichLughTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheEinsímH. G. WellsAchtanimíocóisRáth MaonaisSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannAn SpáinnisFéilire GhréagóraEolaíocht nádúrthaSui generisRaúl CastroAirgeadasAn GhearmáinLiosta tíorthaNa scannáin is mó a thug airgead isteachAn FhraincAlbain2 LúnasaHataLá ANZACÁr nAthair5 SamhainCoimhlint Iosrael-Hamas, 2023Skibidi ToiletTíreolaíochtMícheál D. Ó hUigínnCogadh na Saoirse (Éire)AnimeAltanGalileo GalileiGás nádúrthaCultúrBaskin-RobbinsLouis PasteurIonradh na Rúise ar an ÚcráinFragarachCursasCómhaoin WikimediaIomprachasSundar PichaiBanc ShasanaOrgán bairilleKyōtoConfadh25 AibreánStairLiosta de charachtair Eastenders (2005)margadh airgeadraíAn Ghaeilge i dTuaisceart ÉireannAoibhinn Beatha an ScoláireOspidéalOcsaiginAosdánaSlat na rígheCLG Chontae Bhaile Átha CliathGnóisíochasGlúcós4 MeitheamhCorn FIFA an Domhain 2006Deartháireacha WrightLiosta de charachtair Eastenders (1993)22 BealtaineEolaíocht fheidmeach🡆 More