An Ghearmáin: Tír i lár na hEorpa

Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, a raibh thart ar 83 milliún duine ina gcónaí inti sa bhliain 2019.

Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an Danmhairg, an Pholainn, an tSeic, an Ostair, an Eilvéis, an Fhrainc, Lucsamburg, agus an Bheilg. Is í Beirlín an phríomhchathair agus an chathair is mó, agus thart ar 3.7 milliún duine ina gcónaí inti sa bhliain 2021.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ghearmáin
Bundesrepublik Deutschland (de)
Deutschland (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas
An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar
Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Einigkeit und Recht und Freiheit»
«Unity and Justice and Freedom» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGermania Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar
An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar
 51°N 10°E / 51°N 10°E / 51; 10

PríomhchathairBeirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán84,358,845 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús235.91 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla357,587.77 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce2.3 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt agus An Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeZugspitze (2,962 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleNeuendorf-Sachsenbande (−3.54 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Ghearmáin Thiar, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, An Reich Gearmánach, Trizone (en) Aistrigh agus An Reich Gearmánach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1 Iúil 1867:  (North German Confederation (en) Aistrigh)
1 Eanáir 1871:  (Impireacht na Gearmáine)
1918:  (Poblacht Weimar)
1933:  (Gearmáin na Naitsithe)
23 Bealtaine 1949:  (An Ghearmáin Thiar)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
ÉarlamhNaomh Mícheál Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht, stát cónaidhme, poblacht pharlaiminteach chónaidhmeach agus poblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinfederal level of Germany (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachBundesrat Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Gearmáine Cuir in eagar ar WikidataTheodor Heuss (1949–1959) Cuir in eagar ar Wikidata
• Seansailéir Feidearálach na Gearmáine Cuir in eagar ar WikidataOlaf Scholz (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil4,121,200,000,000 € (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad476,290,763,000 € (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.de Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+49 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus 110 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreDE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinverwaltung.bund.de Cuir in eagar ar Wikidata

Stair

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre.

Polaitíocht

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Is é an foirgneamh Reichstag i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine (Bundestag)

Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). De ghnáth, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dhlísheomra chun an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná scaradh na gcumhachtaí, an struchtúr cónaidhmeach, agus riail an dlí a bheith bailí go suthain.

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Comhdhéanamh polaitiúil an Bundestag i ndiaidh toghchán feidearálach 2021

Tá dhá dhlísheomra ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Ó tharla an toghchán feidearálach is déanaí i 2021, tá ocht bpáirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu ann. Is iad na Daonlathaithe Sóisialta (daonlathach-sóisialach, lár-chlé), Comhghuaillíocht 90/Na Glasaigh (glas, lár-chlé), agus na Daonlathaithe Saora (liobrálach, lár-dheis) na trí pháirtí atá i mbun rialtais i láthair na huaire. Sa fhreasúra, tá an tAontas Daonlathach Críostach agus a bpairtnéirí an tAontas Sóisialta Críostach (Daonlathach-Críostach, lár-dheis), Rogha Eile don Ghearmáin (fad-dheis), An Eite Chlé (sóisialach, fad-chlé), agus Cumann Vótóirí Schleswig Theas, páirtí a dhéanann ionadaíocht ar son na mionlach eitneach Danmhairgeach agus Freaslannach. Is ball de na Daonlathaithe Sóisialta é Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz.

Geilleagar

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Spéirlíne Frankfurt, ionad airgeadais is mó na Gearmáine

Staitisticí

Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC. Is í an tríú hearnáil an earnáil eacnamaíochta is mó: í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón dara hearnáil agus 1% ón chéad earnáil. Is í an Ghearmáin an tríú honnmhairteoir earraí is mó ar domhan, agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithe ar domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016. I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ar 3.0%, an tríú leibhéal ba lú san Aontas Eorpach.

De réir Innéacs an Fhorbartha Dhaonna, Socraithe don Éagothroime, 2022 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an Ghearmáin an 8ú tír is fearr forbartha ar domhan, as 156 tír a tomhaiseadh. Fágann sin í ar an gcúigiú tír is fearr forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh.

I dTuarascáil Sonas Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, measadh gurbh í an Ghearmáin an 15ú tír ba shona, as 156 tír.

Onnmhairithe

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Monarcha de chuid Volkswagen in Dresden

I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, is onnmhairteoir mór í an Ghearmáin. Rinne an Ghearmáin onnmhairithe arbh fhiú 47% dá hOTI iad sa bhliain 2017, dar le World Factbook an CIA, i gcomparáid le 31% sa Fhrainc agus san Iodáil araon agus 30% sa Ríocht Aontaithe. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe ba mhó de réir luach airgid sa bhliain 2017.

Airgeadra

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Spórt

Sacar

An Ghearmáin: Stair, Polaitíocht, Geilleagar 
Foireann sacair fhireann na Gearmáine ag imirt in aghaidh na hAirgintíne i gcluiche ceannais Chorn an Domhain 2014

Tá clú agus cáil ar fhoirne sacair náisiúnta na Gearmáine, foireann na bhfear agus foireann na mban araon. Tá Corn an Domhain buaite ag foireann bhaineann na Gearmáine faoi dhó agus Craobh na hEorpa buaite acu ocht n-uaire; tá Corn an Domhain buaite ag foireann fhireann na Gearmáine nó na Gearmáine Thiar ceithre huaire agus Craobh na hEorpa trí huaire. Tá sraitheanna móra ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga agus an Frauen-Bundesliga i gcomhair fir agus mná faoi seach.

Stáit

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.

Tagairtí

Tags:

An Ghearmáin StairAn Ghearmáin PolaitíochtAn Ghearmáin GeilleagarAn Ghearmáin SpórtAn Ghearmáin StáitAn Ghearmáin TagairtíAn GhearmáinAn BheilgAn DanmhairgAn EilvéisAn EoraipAn FhraincAn GhearmáinisAn OstairAn PholainnAn tAontas EorpachAn tSeicAn ÍsiltírBeirlínLucsamburg

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Ariana GrandeAn LibiaPolaitíochtEthernetPríomhleathanachUachtar27 LúnasaAn RúisisNua-Inse GhallGnóGoogle ChromeOllainnisEncyclopædia BritannicaAn DomhnachAn FhionlainnWest Ham United Football ClubCoinínCúbaBuamáil mhosc Peshawar, 2023An ChróitPléasc in Ospidéal Al-Ahli, GazaLiosta de Phríomh-Airí na Ríochta AontaitheOideachasFianna Fáil2000Brooklyn (scannán)Bram StokerBláthola800íDlí DáithíLisa KudrowCeirmeacht2020 sa spórt2021 sa spórtStílbhileoga cascáideachaAlexei NavalnyBuíon aistreachCrann NollagÉiminEalaín ar OileánBútánCainéalBoris YeltsinAn tAontas SóivéadachToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024Camille SouterAn TéalainnBob DoleRobert MugabeBeartais in aghaidh drugaíGodalmingRyan GoslingASuffolk2022IdirlíonLlanbedr Pont SteffanIoraGnóthaí poiblíCluicheTina TurnerSéamus Ó BeaglaoichGurdbharaRómánsachasGaeilge711 (uimhir)Seoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannCispheil in ÉirinnAn Tríú Crosáid1 (uimhir)An Phalaistín🡆 More