Scríbhneoir agus dochtúir Albanach de phór na hÉireann a bhí in Arthur Ignatius Conan Doyle (Artúr Iognáid Conán Ó Dúill an leagan Gaeilge, ach ní úsáidtear go coitianta é).
Saolaíodh Conan Doyle i nDún Éideann ar an 22 Bealtaine 1859, agus fuair sé bás i gCrowborough in Oirthear Sussex, Sasana, ar an 7 Iúil 1930.
Ba iad a chuid scéalta faoi Sherlock Holmes, an bleachtaire réasúnach, a thabhaigh clú dó ar fud an domhain, agus cuireadh teangacha móra an domhain ar na scéalta seo (an Ghaeilge san áireamh). Chuir Sherlock Holmes cuma nua ar an seánra go léir. Ba scríbhneoir bisiúil é Doyle, áfach, agus bhreac sé síos a lán scéalta eile, cosúil leis na cinn faoin Ollamh Challenger. Ba scéalta ficsin eolaíochta iad go bunúsach, agus is féidir gurbh é Challenger a chuir bun le clísé an "ollaimh ar mire" sa litríocht éadrom.
Rugadh Arthur Conan Doyle ar an 22 Bealtaine 1859 i 11 Plás Picardy, Dún Éideann, Albain. Sasanach de bhunadh Éireannach ab ea a athair, Charles Altamont Doyle, agus Éireannach ab ea a mháthair, Mary née Foley. Phós siad sa bhliain 1855, ach thit an teaghlach as a chéile sa bhliain 1864 chomh tugtha is a bhí an t-athair don bhiotáille. Fuarthas lóistín sealadach do na páistí ar fud na cathrach. Sa bhliain 1867 tháinig an teaghlach le chéile arís agus shocraigh siad síos i dtionóntán suarach ag 3 Plás Sciennes.
Tugtar "Conan Doyle" ar mo dhuine inniu, mar a bheadh sloinne dúbailte ann, ach níltear cinnte cén fáth. Cuireadh a bhaiste i rollaí Ardeaglais Mhuire i nDún Éideann, agus ansin cláraíodh "Arthur Ignatius Conan" mar ainmneacha baiste gan de shloinne ar an leanbh ach "Doyle". Ainmníonn na rollaí Michael Conan mar chara Críost.
I measc shaothair Arthur Conan Doyle tá:
Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle. um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Arthur Conan Doyle, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.