Síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (Treaty on the Non-Proliferation of Nuclear Weapons nó NPT de ghnáth) ar 1 Iúil 1968.
Tháinig i bhfeidhm in 1970. Tá an Conradh fós i bhfeidhm. Ba as 'Rúin na hÉireann' in 1958 sna Náisiúin Aontaithe a thig an Conradh.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Treaty on the Non-Proliferation of Nuclear Weapons (ru) Договор о нераспространении ядерного оружия (fr) Traité sur la non-prolifération des armes nucléaires (zh) 不扩散核武器条约 |
---|---|
Law identifier (en) | 昭和51年条約第6号 |
Cineál | conradh |
Dáta na bliana | 1 Iúil 1968 |
Teacht i bhfeidhm | 5 Márta 1970 |
Suíomh | Washington, D.C. Moscó, An Rúis Londain, England |
Tír | Cathair na Vatacáine agus an Ghearmáin |
Líon na rannpháirtithe | 190 |
Taisce | Rialtas an Aontais Shóivéadaigh, Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá agus Rialtas na Rúise |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla, an Rúisis, an Fhraincis, an Spáinnis, An tSínis Chlasaiceach agus An tSínis |
Obair iomlán ar fáil ag URL | un.org… |
Suíomh gréasáin | un.org… |
I láthair na huaire, níl Iosrael, an India, an Phacastáin ná an Chóiré Thuaidh ina bpáirtí sa chomhaontú.
Síníodh conradh eile sa bhliain 2017, Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha (2017) nó an TPNW. Déanann an Conradh nua neartú ar an NPT. Comhlánaítear an NPT leis an gConradh nua seo, ach déantar feidhmiú air freisin. Bhí sé beartaithe i gcónaí sa NPT go nglacfaí bearta éifeachtacha breise maidir le dí-armáil núicléach agus tá an TPNW ar cheann de na bearta sin.
Bhí dlúthcheangal ag Éirinn le bunús an NPT. Chuir Frank Aiken tús le conradh in aghaidh iomadú núicléach sa bhliain 1958. Chuir sé dréachtrún chun tosaigh a mhol bunú coiste a scrúdódh na contúirtí a bhainfeadh le scaipeadh na n-arm núicléacha. Thug Éirinn isteach na chéad 'Réitigh Éireannacha', mar a tugadh orthu ag na Náisiúin Aontaithe agus as sin a lean an NPT.
I 1960, chuir sé dréachtrún eile ar an ábhar chun tosaigh agus i mí na Nollag 1961 glacadh d’aonghuth le rún nua-dhréachtaithe na hÉireann.
Bhí an chéad chéim tógtha, agus seacht mbliana níos déanaí, síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach.
Mar aitheantas ar an ról ceannródaíoch sin, ba í Éire an chéad tír a fuair cuireadh an NPT a shíniú in 1968 i Moscó, shínigh Frank Aiken é.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (1968), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.