Is múinteoir agus scríbhneoir é Ógie Ó Céilleachair, as Gaeltacht na nDéise.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | An Rinn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Tar éis dó freastal ar an mbunscoil agus ar an meánscoil sa Rinn, bhain sé céim onórach amach sna hEalaíona i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chuaigh sé ar aghaidh in 2017 chun Ard-Dioplóma san Oideachas a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ina dhiaidh sin d’éirigh leis máistreacht a bhaint amach i dTeagasc Teangacha in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Caitheann Ógie a chuid ama idir an Rinn agus Luimneach. Múinteoir Gaeilge, staire agus drámaíochta é i nGaelcholáiste Luimnigh, áit a scríobhann agus a léiríonn sé dráma leis an idirbhliain go bliantúil.
Tá téacsleabhar staire don Teastas Sóisearach, An Cúrsa Iomlán Staire, foilsithe aige. Sa bhliain 2011 d’fhoilsigh sé úrscéal do dhéagóirí, Cúpla, le Cló Iar-Chonnacht.
Is é Katfish agus Scéalta Eile an tríú foilseachán aige.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ógie Ó Céilleachair, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.