Fisiceoir núicléach a rugadh i Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Julius Robert Oppenheimer (22 Aibreán 1904 – 18 Feabhra 1967).
Bhí sé ina stiúrthóir ar Thionscadal Manhattan an bhuama adamhaigh i Los Alamos (1943–1945). Tugadh “athair an bhuama adamhaigh” air.
Ollamh le fisic ag Ollscoil California, Berkeley i Meiriceá a bhí ann ag tosnú sa bhliain 1927. Mhúin sé fisic in Institiúid Teicneolaíochta Chalifornia nó Caltech freisin.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, d'oibrigh sé ar an mbuama adamhach mar chuid den Tionscadal Manhattan i saotharlann rúnda sa bhaile iargúlta Los Alamos i stát Nua-Mheicsiceo. Ag an am, bhí na Naitsithe ag déanamh géarleanúint ar Ghiúdaigh, ag spreagadh na n-eolaithe Giúdacha in Los Alamos chun gnímh.
Sa bhliain 1947 agus an cogadh sin thart, ghlac sé post mar stiúrthóir an Advanced Studies Institute in Ollscoil Princeton.
Chuir sé i gcoinne an H-bhuama (an buama comhleáite), agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin. i 1953 baineadh ón taighde núicléach rúnda é agus ní raibh sé in ann obair a dhéanamh níos mó.
Trom ar an tobac, ba in Princeton a fuair sé bás d'ailse scornach sa bhliain 1967, in aois 62 dó.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article J. Robert Oppenheimer, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.