Is éard is Earrach na nArabach ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sa domhan Arabach ón 18 Nollaig 2010 ar aghaidh.
Cineál | agóid éirí amach cogadh cathartha réabhlóid |
---|---|
Tréimhse | 18 Nollaig 2010 - Nollaig 2012 |
Dáta na bliana | 17 Nollaig 2010 |
Suíomh | an domhan Arabach |
Le cuid | |
civil uprising phase of the Syrian Civil War (en) Éirí amach phobal na Túinéise 2010–2012 Algerian protests (en) 2011–2012 Jordanian protests (en) Gdeim Izik protest camp (en) 2013 Libyan coup d'état attempt (en) Cogadh cathartha na Libia 2011 2011 Yemeni revolution (en) Réabhlóid na hÉigipte 2011 2011 Omani protests (en) | |
Bhí deacrachtaí ag baint leis an aistriú chuig rialú daonlathach san Éigipt agus i dTúinis, i Libia agus i bPoblacht Éimin. Bhí an tuairim ann, agus b'fhéidir go bhfuil fós, nach raibh na tíortha Arabacha, ar cibé cúis, in ann ag rialachas daonlathach agus nach raibh meas acu ar riail an dlí.
Ar an agóid bheag sa tsean-Seicslóváic in 1968 ("Earrach Phrág") is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis thús na n-agóidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé nó sí an téarma “Earrach na nArabach”.
Sna blianta 2010-2012, bhí réabhlóidí sa Túinéis agus san Éigipt; cogadh cathartha sa Libia; éirithe amach i mBairéin, sa tSiria, agus in Éimin; agóidí móra san Ailgéir, san Iaráic, san Iordáin, i Maracó, agus in Óman; agus mion-agóidí i gCuáit, an Liobáin, an Mháratáin, an Araib Shádach, agus an tSúdáin.
Roimh seo, ba í an tSúdáin amháin an t-aon tír Arabach a bhí in ann fáil réidh le réimis deachtóireachta, sa bhliain 1964 agus arís sa bhliain 1985.
Sa Libia agus san Éigipt chuidigh comhghuaillíocht na Fraince, na Breataine agus Meiriceá le deireadh ré Gadaffi agus Mubarak a thapú.
Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011 agus thosaigh an cogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria i ndiaidh tamaill.
Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit. Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis. D'éirigh mar sin ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria
Sheas an t-Uachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin agus cabhair aige ón Rúis agus ón Iaráin.
Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Earrach na nArabach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.