Is éard atá sa nanaitheicneolaíocht ná na bealaí atá ar fáil chun struchtúir agus uirlisí a dhéanamh nó a ionramháil ar scála an nanaiméadair - sin é le rá, ar scála adamhach nó móilíneach, mar a bhfuil tréithe an ábhair an-difriúil leis na cinn a bhaineann le scála níos airde.
Teicneolaíocht ilchineálach atá inti ar féidir tairbhe a bhaint aisti i gcúrsaí optaice, bitheolaíochta, meicníochta, ceimice agus micritheicneolaíochta. Fágann an t-ilchineálachas seo nach bhfuil eolaithe ar aon intinn faoi nádúr na nanaitheicneolaíochta.
Aithnítear gur féidir le nanábhair díobháil a dhéanamh do chorp an duine agus do chealla saothrúcháin. Déanann an nanathocsaineolaíochta staidéar ar an dochar a d'fhéadfadh na nanábhair a dhéanamh don tsláinte nó don timpeallacht. Ceist eiticiúil is ea spré forleathan na nanaimhíreanna.
Tá na milliúin dollar á gcaitheamh ar nanaitheicneolaíochtaí ar mhaithe le taighde agus saothrú, obair a d'fhéadfaí a chur chun somhaoine móire feasta.
Bhí an t-eolaí Meiriceánach Richard Feynman ar an dream is túisce a tharraing aird ar an taighde ab fhéidir a dhéanamh ar an scála is lú, rud a phléigh seisean i gcaint a thug sé do Chumann Fisice Mheiriceá ar 29 Nollaig 1959. Chuir sé síos ar réimse staidéir ach arbh fhéidir gaisce a dhéanamh ann ach nach raibh mórán déanta ann go fóill. Bhí sé ag smaoineamh ar mhéid mór eolais a scríobh ar mhiondromchla, rud nárbh fhéidir a dhéanamh lena linn ach ar furasta é a shamhlú inniu.
Tá an nanaitheicneolaíocht ag brath ar dhá uirlis a ligeann do dhuine ábhar a scrúdú ar scála adamhach nó fo-adamhach. Ar na huirlisí tá an micreascóp tollánach scannácháin, rud a cheap Gerd Binnig agus Heinrich Rohrer, beirt taighdeoirí de chuid IBM, sa bhliain 1981 agus a ritheann thar dhromchlaí seolta agus leathsheolta, ag baint feidhm as éifeacht an tonnáin, feiniméan candamach, chun eolas a fháil ar mhoirfeolaíocht agus ar thiús staideanna leictreonacha na ndromchlaí. Is í an dara huirlis an micreascóp fórsa adamhaigh, rud a d’eascair ón gcéad mhicreascóp agus a dhéanann íomhánna d’ábhar neamhsheolta. Nuair a úsáidtear an dá uirlis leis an bhfótailiteagrafaíocht is féidir nanastruchtúir a chruthú, a ionramháil agus a scrúdú.
Sa bhliain 1985 tháinig Richard Smalley, Robert F. Curl (ó Ollscoil Rice in Houston) agus Harold W. Kroto (ó Ollscoil Sussex) ar fhoirm nua allatrópach den charbón, an móilín C60 atá déanta de sheasca adamh ar bharraí polaihéadráin a bhfuil éadain heicseagánacha agus pheinteagánacha air. Tá gach adamh carbónach ceangailte de thriúr eile. Is é an t-ainm atá air buckminstearfhullairéin nó “buckyball” – ainm a thagann ó Richard Buckminster Fuller, tionscnóir agus ailtire a cheap a lán cruinneachán geodasach atá cosúil leis an C60.
Saghas nua ábhair charbónaigh atá sna fullairéiní úd agus struchtúir dhúnta acu atá ar dhealramh caighin charbónaigh. Sa bhliain 1990 d’éirigh le Huffman agus Kramer, beirt ó Ollscoil Heidelberg, sintéisiú a dhéanamh a lig dóibh méid macroscópach móilíní a fháil. Sé bliana ina dhiaidh sin aithníodh na nanaithiúbanna i bhfothoradh de shintéisiú na bhfullairéiní.
Sa bhliain d’fhoilsigh Eric Drexler leabhar dar theideal Engines of Creation ar a raibh i ndán do na nanaitheicneolaíochtaí agus cuntas ann ar an dul chun cinn iontach a leanfadh borradh na dteicneolaíochtaí sin. D’fhéadfadh na hearraí a bheith níos saoire, níos tathagaí, níos éifeachtaí de bharr na hionramhála móilíní. Ach chonaic Drexler an taobh eile den scéal sa mhéid go bhféadfadh a leithéid de theicneolaíochtaí iad féin a chóipeáil nó a athghineadh agus dá bhrí sin an tubaiste a tharraingt. Dá gcruthófaí baictéirí ar mhaithe le leas na ndaoine, mar shampla, d’fhéadfaidís dul i líonmhaireacht agus slad a dhéanamh.
Maidir leis sin, ní mór a chuimhneamh ar chumas na nanacháithníní dul trí fhíochán ceallach, ag seachaint constaicí nádúrtha. Cumas é a mbaintear tairbhe as sa tionscal cosmaideach.
Ar an nanascála tá saincháilíochtaí ag an damhna a chaithfear a chur san áireamh agus é á ionramháil. Is éard atá i gceist cáilíochtaí na meicníochta candamaí agus, chomh maith leis sin, an dromchla, an toirt nó éifeacht na huillinne.
De réir dhlíthe na meicníochtaí candamaí, nochtann cáithnín é féin ag an leibhéal nanaiméadrach mar thonn seachas mar chorp tathagach. Léirítear an déacht tonn-cháithníneach seo i dtriail an dá scoilt go háirithe. Téann beartas cáithníní trí scoilteanna atá an-ghar dá chéile agus fágann patrún trasnaíochta a bhaineann le tonnta.
Fágann seo a rian ar an nanaitheicneolaíocht mar a leanas:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nanaitheicneolaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.