Eagraíocht neamhbhrabúis is ea Creative Commons (CC).
Tá sé mar aidhm aici an líon saothar chruthaiteach ar an saol a mhéadú chun go gcuirfí leis go dleathach agus go roinnfí é gan bhac. Tá roinnt mhaith ceadúnas scaoilte ag an eagraíocht ar a dtugtar ceadúnais Creative Commons agus atá le fáil saor in aisce don saol. Cuireann na ceadúnais seo ar chumas cruthaitheoirí saothair a chur in iúl cé acu cearta atá á gcoimeád acu agus cé acu cearta atá siad a ghéilleadh ar mhaitheas daoine ar mhaith leo úsáid a bhaint as an saothar, cruthaitheoirí eile ina measc. Tá míniúchán sothuigthe le fáil ar gach aon cheadúnas de chuid Creative Commons agus é scríofa ar aon leathanach amháin in éineacht le híomhánna amhairc. Ní ghlacann ceadúnais Creative Commons áit cóipchirt; tá siad bunaithe air. Glacann ceadúdanais CC áit na hidirbheartaíochta idir úinéir cóipchirt (ceadúnóir) agus ceadúnaí a bhíonn riachtanach faoin gcóras úd "gach ceart ar cosnamh". Ina áit sin bíonn córas "cuid ceart ar cosnamh". Sa chóras seo bíonn ceadúnais chaighdeánaithe i gcásanna athúsáid saothar mura mbíonn cúiteamh á iarraidh ag úinéir an chóipchirt. Is é an toradh air seo ná réim bhainistíochta cóipcheart atá solúbtha le forchostais agus costais ísle. Úsáideann Vicipéid ceann de na ceadúnais seo.
Mana | Creative Commons develops, supports, and stewards legal and technical infrastructure that maximizes digital creativity, sharing, and innovation. | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | CC agus 🅭 | ||||
Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis foilsitheoir údar | ||||
Réimse oibre | ceadúnas poiblí agus cóipcheart | ||||
Foirm dlí | eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 15 Eanáir 2001 | ||||
Bunaitheoir(í) | Lawrence Lessig, Hal Abelson agus Eric Eldred | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
Táirge | Creative Commons license (en) | ||||
Ball de | Communia (en) Open Source Initiative (en) UNESCO Global Open Science Partnership (en) Open Education Global | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Ryan Merkley (2014–2019) Catherine Stihler (en) (2020–2024) Anna Tumadóttir (en) (2024–) | ||||
Líon fostaithe | 147 | ||||
Le cuid | |||||
Cuid de | free-culture movement (en) | ||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Ioncam iomlán | 3,267,812 $ (2019) | ||||
Eile | |||||
Uimhir teileafón | +1-415-429-6753 | ||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | creativecommons.org | ||||
Chuir Lawrence Lessig Creative Commons ar siúl ar 15 Eanáir 2001, in éineacht le Hal Abelson agus Eric Eldred agus le cuidiú ón Center for the Public Domain. Is é Ryan Merkley príomhoifigeach feidhmiúcháin an CC. Faoin mbliain 2015, bhí 100 eagraíocht comhcheangailte le Creative Commons in 75 tír. Tá beirt ar bhord chomhairleach Creative Commons a bhfuil nó a raibh baint acu le Wikipedia, mar atá, Sue Gardner agus Jimmy Wales.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Creative Commons, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.