Bhí Mao Zedong (fuaimniú) (Sínis: 毛泽东, de réir an chórais pinyin, Máo Zédōng; Shaoshan, Hunan, 26 Nollaig 1893 - Péicing, 9 Meán Fómhair 1976) ar an gcéad cheannaire Cumannach den tSín.
Ba iad na fórsaí Cumannacha a rug an chraobh leo i gcogadh cathartha na tíre úd sa bhliain 1949 agus chuir Mao deachtóireacht Chumannach ar bun.
Cuirtear ina leith go raibh a réimeas ciontach as na milliúin a mharú trí bheartais chrua eacnamaíocha agus shóisialta. Thosaigh an Réabhlóid Chultúrtha na Síne ar an 16 Bealtaine 1966 nuair a thacaigh an politburo go dílis leis na moltaí ó Mao Zedong “Fógra 16 Bealtaine” nó 五一六通知.
Is minic a thugtar 'Maochas' ar leagan Mao den idé-eolaíocht Mharcsach, cé gur thug na húdaráis Shíneacha Smaointeachas Marcsach-Leiníneach Mao Zedong air nó frith-athbhreithniú; déanann an dara téarma tagairt don athbhreithniú idé-eolaíoch a rinne ceannairí an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh bhás Stailín, dar le Mao.
Le cabhair Stailín a tháinig sé i réim, ach d'éirigh idir é agus na Sóivéadaigh, rud a ghríosaigh é chun tabhairt faoi cheannas a fháil ar an Chumannnachas idirnáisiúnta.
Tá an Páirtí Cumannach fós i gceannas ar an tSín, cé gurb é an caipitleachas stáit atá faoi réim anois ann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Mao Zedong, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.