Suim airgid rialta a íoctar le duine, tar éis éirí as obair dó (go hiondúil), is ea pinsean.
In Éirinn fadó, i nDlíthe na mBreithiúna ársa, bhí sé mar dhualgas ar an teaghlach cabhair a thabhairt le daoine a bhí sean, caoch, bodhar, tinn nó ar mire.
Sa 19ú haois san Eoraip, nuair a chuir Seansailéir na Gearmáine Otto Von Bismarck tús leis an gcéad phinsean stáit sa mbliain 1889, ceapadh go mba mhaith an rud é go mbeadh cúnamh stáit ann don chréatúr a bhí tar éis dul ar scor ón obair (ag aois 70) agus go mb’fhéidir go raibh roinnt míonna nó roinnt blianta fágtha aige ar an saol seo. Le linn ré Bismarck, ba bheag duine a shroich aois an phinsin (ba é an gnáthfhad saoil a bhí ag Gearmánach ag an am ná 45 bliain).
Sa lá inniu tá daoine ag tarraingt an phinsin ar feadh scór bliain go minic.Faoi láthair, is é 81 bliain meánfhad saoil duine sa nGearmáin. Agus éiríonn an Gearmánach sin as an obair ag aois a 62, ar meán.
In Éireann tosaíonn an pinsean stáit ag aois 66.
Is féidir le fostóir, nó an fostaithe, nó an bheirt acu, airgead a chur isteach i scéim pinsin ceirde.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pinsean, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.