Is cartlann dhigiteach den Ghréasán Domhanda é an Wayback Machine a bhunaigh an Internet Archive, cuideachta neamhbhrabúis atá lonnaithe i San Francisco, California.
Cruthaíodh in 1996 é agus seoladh go poiblí é sa bhliain 2001. Ligeann sé don úsáideoir dul "ar ais in am" agus an chuma a bhí ar láithreáin ghréasáin san am atá caite a fheiceáil. D’fhorbair bunaitheoirí na cartlainne, Brewster Kahle agus Bruce Gilliat, an Wayback Machine chun “rochtain uilíoch [a thabhairt] ar an eolas uile” a sholáthar trí chóipeanna cartlainne de leathanaigh ghréasáin a bhí imithe as feidhm a chaomhnú.
URL | https://web.archive.org/ agus https://archive.org/web/ |
---|---|
Cineál | cartlann ghréasáin |
Teanga | Béarla |
Teanga ríomhchlárúcháin | C, Perl, Java agus Python |
Cuid de | Internet Archive |
Úinéir | Internet Archive |
Cruthaitheoir | Brewster Kahle agus Bruce Gilliat |
Iontráil i seirbhís | 29 Deireadh Fómhair 2001 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rangú Alexa | 205 (5 Feabhra 2021) 303 (20 Samhain 2017) |
Seoladh an Wayback Machine ar an 10 Bealtaine, 1996, agus bhí níos mó ná 38.2 milliún leathanach gréasáin sábháilte faoi dheireadh na bliana 2009. Amhail ón 13 Márta 2023 , tá níos mó ná 800 billiún leathanach gréasáin i gcartlann an Wayback Machine.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Wayback Machine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.