Próiseas agus modh na cinnteoireachta i measc daoine is ea an pholaitíocht.
Baineann sé le gach gné don idirghníomhaíocht i ngrúpaí, i gcúrsaí gnó, acadúla, creidimh agus rialtóireachta. Ó cuireadh eagar ar dhaoine an chéad lá ba ghá dóibh dualgaisí agus pribhléidí a roinnt eatarthu agus ba chuid nádúrtha den éabhlóid é go mbeadh iomaíocht agus comhoibriú ann.
De réir mar a d'éirigh na grúpaí daoine níos sofaisticiúla cuireadh tús le ceirdeanna speisialta ar nós sagairt, dlíodóirí, bailitheoirí cánach, riarthóirí agus mar sin de agus d'fhorbairt córais éagsúla chun an comhoibriú agus an iomaíocht eatarthu a choinneáil faoi smacht.
Is ón bhfocal Gréigise polis a thagann 'polaitíocht', rud a léiríonn cé chomh lárnach is atá an chathair mar ionad polaitiúil. De ghnáth is i gcomhthéacs riarachán rialtais a phléitear an pholaitíocht inniu.
Sa pholaitíocht nua-aimseartha roinntear an idé-eolaíocht ina dhá leath - an Eite Chlé is an Eite Dheis.
É sin ráite tá sé fíor dheacair idirdhealú a dhéanamh idir an dá fhealsúnacht i dtíortha daonlathacha na hEorpa.
In Éirinn bheadh sé deacair an t-idirdhealú sin a dhéanamh go mór mhór idir na príomhpháirtithe. Bheadh sé deacair ag aon saineolaí é sin a dhéanamh.
Breithiúnas, le Máiréad Ní Ghráda
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Polaitíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.