Eagraíocht náisiúnaíoch rúnda, faoi mhionn dílseachta, Éireannach ab ea Bráithreachas na Poblachta nó Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ) (Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla).
Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn Náisiúnachas in Éirinn |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1858 |
Bunaitheoir(í) | Seán Ó Mathúna, Séamas Mac Stiofáin agus Thomas Clarke Luby |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1924 |
D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.
Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.
Bhunaigh Séamas Mac Stiofáin Bráithreachas na Poblachta sna 1850idí.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bráithreachas na Poblachta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.