Ba náisiúnaí Éireannach é Seán Ó Mathúna (1815 - 1877) nó John O'Mahony as Béarla, a bhí i measc na daoine a bhunaigh Bráithreachas na Poblachta.
Rugadh i Loch an Eanaigh, Coill Bheithne, Contae Luimnigh é sa bhliain 1816. Ba bhaill de Chumann na nÉireannach Aontaithe iad a athair agus a uncail agus ghlacadar páirt in Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Eanáir 1815 Loch an Eanaigh |
Bás | 7 Feabhra 1877 62 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réabhlóidí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Rinne Ó Mathúna staidéar ar Sanscrait, Eabhrais agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cé go raibh cosc i bhfeidhm ar Chaitlicigh a fhreastal ann ag an am.
Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag obair i gcoinne an aontais leis an Bhreatain, faoi cheannas Dhónaill Uí Chonaill. Thosaigh sé ag éirí tuirseach leis, áfach, mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí ann. Mar thoradh, chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Óga agus bhí ról aige san éirí amach mírathúil a bhí acu sa bhliain 1848. D'fhág sé an tír ansin, agus chaith sé tamall sa Fhrainc sular bhog sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1854.
I Meiriceá, chuir seisean agus cúpla duine eile tús le Bráithreachas na bhFíníní, craobh Mheiriceánach de Bhráithreachas na Poblachta. Ba dhuine iomráiteach é leis na Gael-Mheiriceánaigh, agus dá bharr sin rinneadh coirnéal de sa 69ú Reisimint Airm an Aontais a throid i gCogadh Cathartha SAM. Bhí sé gníomhach freisin sna ruathair a rinne na Fíníní ar Cheanada sa bhliain 1866, agus Éirí Amach na bhFíníní ar ais in Éirinn sa bhliain 1867.
Cailleadh Ó Mathúna sa bhliain 1877. Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.
Ainmníodh páirc imeartha CLG Gaeil Ghailtí i gCoill Bheithne ina onóir.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seán Ó Mathúna, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.