An naoú mí den bhliain is ea Ramadan san fhéilire Ioslamach.
Tréimhse troscaidh (sawm) agus tréanais is ea í.
Cineál | mí féilire de féilire Ioslamach |
---|---|
Cuid de | féilire Ioslamach |
Lá | Ramadan |
Cultúr | Ioslam |
Meán cumarsáide | |
Ceiliúrann Ramadan an uair a nochtaíodh rainn an Choráin don Fháidh Muhammed. Is am troscaidh, paidreoireachta, machnaimh é Ramadan, am a chaitear le clann agus cairde agus am chun dea-ghníomhartha a dhéanamh.
Beannachtaíː Deirtear "Ramadan mubarak" ("Ramadan kareem" uaireanta) nó beannachtaí na féile ort
Déantar troscadh (cosc ar bhia srl. le solas an lae) i gcuimhne do dhaoine nach bhfuil ach fíor bheagán acu le n-ithe, chun trua a léiriú agus chun chun féinsmacht a spreagadh. Bíonn gach Moslamach atá in inmhe agus sláintiúil a dhóthain ar throscadh le linn Ramadan.
Déanann Moslamaigh troscadh mar ghníomh aithrí ("Hadith") chomh maith.
Itheann cuid mhaith Moslamaigh béile go luath ar maidin – an "Suhoor", agus béile eile nuair atá sé dorcha sa tráthnóna – an "Iftar".
Le linn Ramadan, déanann Moslamaigh troscadh ó éirí go luí na gréine. Ciallaíonn sé sin ná nach n-itheann siad le linn uaireanta sholas an lae.
Maireann an troscadh timpeall mí amháin gach bliain. Athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú. . Tá an féilire Ioslamach bunaithe ar an ngealach – is féilire gealaí é. Bíonn dhá mhí dhéag aige, mar aon leis an dá mhí dhéag a bhíonn ag féilire na gréine (bunaithe ar an ngrian). Bíonn idir 29 agus 30 lá ag míonna gealaí agus mar sin leanann Ramadan ar feadh 29 nó 30 lá.
Tosaíonn agus críochnaíonn Ramadan ar ghealach lán. Is siombail Ioslamach é an corrán gealaí agus feictear go minic é ar dhíon mosc.
Tugtar "Eid al-Fitr " ar dheireadh na tréimhse troscaidh bliantúla, ag tús mí Shawwal, an deichiú mí.
Tá go leor nósanna ag baint le Eid al-Fitr. Mar shampla, tá stíl cheoil fhuinniúil, bheoga ann, an bubu atá fréamhaithe i gceiliúradh mhuintir Mhoslamach Shiarra Leon ar dheireadh na tréimhse troscaidh bliantúla Ramadan.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ramadan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.