Is polaiteoir Albanach í Ceit Fhoirbeis nó :Kate Forbes; a rugadh ar 6 Aibreán 1990) atá ina ball de Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus atá ina ball Pharlaimint na hAlban do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach ó 2016.
Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh Forbes mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais i Rialtas na hAlban.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1990 34 bliana d'aois Inbhir Pheofharain, Scotland |
Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas agus an Geilleagar | |
18 Bealtaine 2021 – Ball de chomh-aireacht: Government of the 6th Scottish Parliament (en) | |
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban | |
6 Bealtaine 2021 – Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Toghadh i: 2021 Scottish Parliament general election (en) | |
Ball de 5ú Parlaimint na hAlban | |
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte) ← Dave Thompson Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamaidh Inbhir Pheofharain Coláiste Selwyn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Rugadh Ceit i Inbhir Pheofharain i Ros agus Cromba i dtuaisceart na hAlban. Chaith sí trí bliana san India agus í ina páiste, ansin múineadh i nGaelscoil Albanach í. D’fhill sí ar an India lena teaghlach agus í 10 mbliana d'aois agus bhí cónaí uirthi ansin go dtí go raibh sí 15. Agus iad ansin bhí a hathair bainteach le cúram sláinte a sholáthar do dhaoine nach raibh sé ar acmhainn acu díol as. Nuair a d’fhill sí ar Albain chríochnaigh sí a cuid scolaíochta in Acadamaidh Inbhir Pheofharain .
Rinne sí staidéar ar an stair i gColáiste Selwyn, Cambridge i Sasana agus bhain sí BA amach i 2011.
D'oibrigh sí mar chuntasóir ar feadh tamaill. Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar in Ollscoil Dhún Éideann, agus bhain sí ceim MSc amach i 2013, i Stair Diaspóra agus Imirce.
I Lúnasa 2015, roghnaigh baill áitiúla den SNP Ceit ó ghearrliosta gan ach mná amháin air mar a n-iarrthóir do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Bhí sí mar chuid d’fheachtas an SNP chun aghaidh a thabhairt ar an bhearna pá inscne i bhfostaíocht i nGaeltacht na hAlban. Toghadh i dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 í.
Go dtí gur tugadh ardú céime chuig Rialtas na hAlban dí, bhí sí ina cathaoirleach ar Ghrúpa Traspháirtí Pharlaimint na hAlban ar Ghaeilge na hAlban agus labhair sí i bhfabhar stádas Oidhreachta Cultúrtha doláimhsithe UNESCO mar bhealach indéanta leis an teanga a chosaint.,
I mí an Mhárta 2018, thug sí óráid iomlán don Pharlaimint i nGaeilge na hAlban le linn díospóireacht ar an teanga.
An 27 Meitheamh 2018, ceapadh í go Rialtas na hAlban mar Aire um Airgeadais Phoiblí agus an Gheilleagar Digiteach, mar chuid d’athchóiriú níos leithne a d’fhógair an Chéad-Aire, Nicola Sturgeon.
Ar an 6 Feabhra 2020, ba í an chéad bhean a thug Buiséad na hAlban nuair a d'éirí Derek Mackay as mar Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas, Geilleagar agus Obair Chóir. Roimhe seo, níor thug aon bhean Buiséad i bParlaimint na hAlban ná i Westminster, cé go ndearna siad i dTionóil na Breataine Bige agus i dTionól na Sé Chontae.
Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais í. Is í an chéad bhean sa phost.
Mar bhall de Eaglais Shaor na hAlban, d'iarr Forbes ar an Rialtas ligeann do pháistí a gcreideamh a chleachtadh ar scoil 'gan magadh'. I mí na Bealtaine 2018, dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh a thabhairt faoi deara gur chóir go mbeadh cead ag daltaí an éagsúlacht chreidimh in Albain a phléigh, a fhorbairt agus a thuigbhéail"
Phós Forbes Ali MacLennan (a rugadh in 1980) sa bhliain 2021. Rugadh iníon dóibh an bhliain dár gcionn. Bhí MacLennan pósta cheanna. Fuair a bhean, Priya, bás tobann in 2014, agus triúr iníonacha acu. Is leasmháthair í anois Forbes.
D'fhoghlaim Forbes Gàidhlig nuair a bhí sí ag freastal ar an mbunscoil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceit Fhoirbeis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.