Is éard is ceannairc ann ná éirí amach i measc grúpa daoine (go hiondúil rannóg mhíleata nó foireann loinge) chun cur i gcoinne na ndaoine os a gcionn, nó a gcuid orduithe.
Úsáidtear an téarma go coitianta ar easumhlaíocht a dhéanann saighdiúirí in aghaidh oifigeach (mar shampla Ceannairc an Churraigh nó an Cheannairc Indiach), ach is féidir an focal a úsáid ar aon éirí amach in aghaidh grúpa atá i réim.
Le linn Ré na Fionnachtana, is minic gur éirí amach i gcoinne captaen loinge a bhí i gceist le ceannairc. Tharla sé seo, mar shampla, le linn aistir Fernão de Magalhães timpeall an domhain, ar an Discovery (long Henry Hudson), agus an cheannairc cháiliúil ar an Bounty.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceannairc, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.