Rinne fórsaí gallóglach Wagner ceannairc ar an 23–24 Meitheamh 2023 i gcoinne stát na Rúise.
Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov na Donu agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc.
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) Марш справедливости | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | géarchéim pholaitiúil coinbhleacht armtha ceannairc marching (en) iarracht coup d'état | ||||
Ainmnithe in ómós | Wagner Group (en) | ||||
Cuid de | Wagner Group–Russian Ministry of Defence conflict (en) | ||||
Tréimhse | 23 - 24 Meitheamh 2023 | ||||
Dáta na bliana | Meitheamh 2023 | ||||
Tréimhse ama | 2023 in Russia (en) | ||||
Suíomh | Rúis na hEorpa, An Rúis , Cúige Rostov, An Rúis Cúige Voronezh, An Rúis Cúige Lipetsk, An Rúis | ||||
Tír | an Rúis | ||||
Yevgeny Prigozhin (en) | |||||
Rannpháirtí | Wagner Group (en) Ministry of Defense of the Russian Federation (en) National Guard of Russia (en) Storm-Z (en) 217th Guards Airborne Regiment (en) Rusich (en) | ||||
Críochphointe | Moscó, An Rúis | ||||
Cúis | Wagner Group–Russian Ministry of Defence conflict (en) | ||||
Coinbhleacht | ionradh na Rúise ar an Úcráin | ||||
Líon básanna | 15 | ||||
Meán cumarsáide | |||||
Saighdiúirí tuarastail de chuid na Rúise ba ea an ghrúpa Wagner, a bhí i mbun éirí amach ar an 23–24 Meitheamh 2023. Ghlac na ceannaircí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i gcathair Rostov-ar-an-Don. Cúpla uair níos déanaí, bhí fórsaí Wagner 200 km ó Moscó, nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an gceannairc.
Ag labhairt i ndiaidh na ceannairce, dúirt ceannaire Wagner, Yevgeny Prigozhin nach raibh sé mar aidhm aige Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, a chur de dhroim seoil ach gur theastaigh uaidh a chinntiú go nglacfadh ceannairí na tíre "freagracht as na botúin atá déanta" sa chogaíocht. Ní coup d'état i Moscó a bhí súil aige a bhaint amach ach agóid a léireodh easpa dul chun cinn fheachtas armtha na Rúise san Úcráin.
Cháin Prigozhin fórsaí slándála na Rúise go tréan an athuair agus thug le fios go mbeadh deireadh tagtha i bhfad roimhe sin leis an gcogadh in aghaidh na hÚcráine dá mbeadh an Grúpa Wagner i gceannas ar an ionradh.
Sheachain an bhunaíocht i Moscó an grúpa Wagner a bhí ar a thóir, ach an am céanna, buille mór do Putin ab ea an t-éirí amach.
Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Chuaigh Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis. Mhaígh sé nach raibh coup d’état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh le ceannairí an airm a léiriú.
I mí Iúil, bhí sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise, Maorghinearál Ivan Popov, gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Dúirt sé gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó maraithe in ionsaithe ón Úcráin. Is cosúil gur chuir Popov na teipeanna seo i leith Valery Gerasimov, Ceannaire an Airm, agus Sergei Shoigu, Aire Cosanta na Rúise, gan a n-ainm a úsáid go neamhbhalbh. Bhí an Chreimil ag iarraidh cur in iúl go bhfuil ceannairí ar fad na tíre ina seasamh gualainn ar ghualainn i ndiaidh an mhéid a thit amach leis an eagraíocht Wagner. Ach ba léir go raibh siad scoilte ar cheist ráth an chogaidh san Úcráin.
Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.