Is bliain choitianta í an bhliain 2023 (MMXXIII).
Sampla de | bliain féilire agus common year starting and ending on Sunday (en) |
---|---|
Féilirí eile | |
féilire Ghréagóra | 2023 (mmxxiii) |
Ioslamach | 1445 – 1446 |
Síneach | 4719 – 4720 |
Eabhrach | 5783 – 5784 |
Hiondúch | 2078 – 2079 (Vikram Samvat) 1945 – 1946 (Shaka Samvat) 5124 – 5125 (Kali Yuga) |
Peirseach | 1401 – 1402 |
Airméanach | 1472 |
Rúnach | 2273 |
Ab urbe condita | 2776 |
Catagóirí | |
Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
Aois | |
20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
Deich mbliana | |
1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
Bliain | |
2020 2021 2022 - 2023 - 2024 2025 2026 | |
21 Nollaig Brúchtadh Sundhnúkur; Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn i rith mhí na Nollaig 2023, agus bhrúcht bolcán nua
15 Nollaig Eachtra lámhaigh in Shegaia; maraíodh triúr Giúdach i nGaza - bhí cumas Hamas orthu
13 Nollaig Ghlac Donald Tusk mionn na hoifige mar phríomh-aire ar an bPolainn
10 Nollaig D’éirigh le Daniel Wiffen an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach
30 Samhain - 13 Nollaig COP28, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide
23 Samhain Ionsaí scine ar leanaí taobh amuigh den Ghaelscoil Choláiste Mhuire, Cearnóg Parnell, BÁC. Bhris círéib amach níos déanaí.
28 Deireadh Fómhair Thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.
28 Deireadh Fómhair Cluiche Ceannais Rugbaí an Domhain; chloígh na Springboks foireann All Blacks na Nua Shéalainne 12-11
25 Deireadh Fómhair Toghadh Mike Johnson mar Spéicéir SAM, i bhfad amach ar an eite dheis
25 Deireadh Fómhair Lámhaigh Lewiston, Maine; dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó Lámhach Robb Elementary in 2022
17 Deireadh Fómhair Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza; I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann
15 Deireadh Fómhair. Toghchán parlaiminte na Polainne; bhí páirtí Donald Tusk in ann comhrialtas leathan a dhéanamh leis Tríú Slí, páirtí atá ar dheis ón lár, agus le Lewica, páirtí ar an eite chlé.
9 Deireadh Fómhair Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia; rinne Iosrael ruathair aeir roinnt uaireanta ar Jabalia, an campa teifeach is mó in Gaza, le linn Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023
7 Deireadh Fómhair Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí ollmhór, gan choinne, ar Iosrael Mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael
5 Deireadh Fómhair Ionsaí diúracán ar Horza. ar cheann de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh, Ionradh na Rúise ar an Úcráin
19 Meán Fómhair Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh agus 'glanadh eitneach'; chuir na hAsarbaiseánaigh an ruaig ar na hAirméanaigh go léir (120,000 Airméanach
10 Meán Fómhair D'éirigh Luis Rubiales as a phost, in aghaidh a thola, mar uachtarán Chumann Sacair na Spáinne
10 Meán Fómhair Scrios Stoirm Daniel cathair Derna sa Libia; fuair breis is 10.000 duine bás, is cosúil agus b'fhéidir níos mó.
8 Meán Fómhar Crith talún Marrakesh–Safi i Maracó; Cailleadh b'fhéidir 3,000 duine
4 Meán Fómhair Stoirm Daniel; fuair breis is 10.000 duine bás sa Libia, is cosúil agus b'fhéidir níos mó.
19 - 27 Lúnasa Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain
23 Lúnasa Thuirling Chandrayaan-3, spásárthach ón India, gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí
23 Lúnasa Tuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin; feallmharaíodh ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner
20 Lúnasa Scannal Luis Rubiales; Ba mhór an scannal an chaoi ar iompair Luis Rubiales, iaruachtarán chónaidhm sacair na Spáinne, é féin le linn Corn Domhanda FIFA na mBan 2023.
19 Lúnasa Luna-25; theip ar an Rúis an spásárthach Luna-25 a thabhairt i dtír ar phol theas na gealaí (cf Chandrayaan-3, spásárthach ón India).
14 Lúnasa Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal.
13 Lúnasa Bua ag Áth Cliath i gcoinne Ciarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh ar scór 0-18 : 1-10
8 Lúnasa Sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann) nó PSNI
1 Lúnasa Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump; chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal
30 Iúil Bua ag Luimneach i gcoinne Cill Chainnigh i gCluiche Ceannais Sinsir Iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar scór 0-30 : 2-15
30 Iúil Bua ag Áth Cliath i gcoinne Ciarraí i gCluiche Ceannais Sinsir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar scór 1-15 : 1-13
23 Iúil Olltoghchán na Spáinne; bhí dóthain tacaíochta faighte ag Pedro Sánchez (Sóisialach) le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn
4 Iúil Stoirm Poly: Buaileadh iarthuaisceart na hÍsiltíre go háirithe, an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa réigiún sin
3 Iúil Géarchéim Iosrael-Palaistín; rinne Arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar
27 Meitheamh Círéibeacha Francacha, tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel Merzouk
23–24 Meitheamh Theip ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner sa Rúis
18 Meitheamh Inphléascadh fhomhuireán Titan, ag tabhairt turas faoin raiceáil RMS Titanic
14 Meitheamh Tubaiste imirceach sa Mhuir Iónach; maraíodh cúpla céad imirceach nuair a d'iompaigh bád béal faoi sa Mhuir Iónach
13 Meitheamh Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain; Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C
8 Meitheamh Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil, tar éis dó imeacht as an Teach Bán
6 Meitheamh Bearnú damba Kakhovka san Úcráin; bhí réimse mór tíre sa réigiún báite ag an maidhm mhór uisce, an tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’.
3 Meitheamh Cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.
2 Meitheamh Falscaithe i gCeanada; Loisceadh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh
28 Bealtaine Toghcháin réigiúnacha na Spáinne; d'fhulaing an Pháirtí Sóisialach (PSOE) buille mór; d'fhógair Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez olltoghchán nach raibh aon choinne leis.
18 Bealtaine Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann; Fuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha den chéad uair riamh
14-28 Bealtaine Toghchán uachtaránachta na Tuirce. Ar an 3 Meitheamh 2023, cuireadh Recep Tayyip Erdogan faoi mhionn na huachtaránachta don tríú huair.
9 Bealtaine E. Jean Carroll v. Donald J. Trump : rinne Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll sa bhliain 1995 / 1996
6 Bealtaine Corónú Shéarlais III agus Camilla sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine Lámhach scoile Béalgrád Maraíodh naonúr in eachtra lámhaigh, i scoil Vladislav Ribnikar in aice leis an mBéalgrád
3 Bealtaine Ionsaí dróin ar an gCreimlín; iarracht Vladimir Putin a mharú le dróin sa Chreimil
2 Bealtaine - 27 Meán Fómhair Stailc Writers Guild of America
19 Aibreán Táinrith Sanaa,i bpríomhchathair Éimin, Sana'a, maraíodh os cionn nócha duine nuair a bhuail scaoll slua agus thit na daoine i mullach a chéile
18 Aibreán Dominion Voting Systems v. Fox News Network shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion
11-14 Aibreán Cuairt Joe Biden ar Éirinn
14 Aibreán Leasú pinsin sa Fhrainc, ... ag dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois, in ait dhá bhliana is seasca
17 Márta Barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith Vladimir Pútín, an chéad uair a eisítear a leithéid le haghaidh ceannaire bhall seasmhach de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
10 Márta Géarchéim airgeadais; theip an banc, 'Silicon Valley Bank' (SVB) i gCalifornia
4 Márta Conradh na Mórmhara, conradh na N-A chun farraigí an domhain a rialú.
28 Feabhra Tuairt traenach Tempi sa Ghréig; maraíodh 57 duine
27 Feabhra Creat Windsor; rinne an R-A agus an tAontas Eorpach margadh Breatimeachta
22 Feabhra Dlí Dáithí - dlí maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann.
22 Feabhra Lámhach John Caldwell; scaoileadh Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar an Ómaigh; baint lárnach aige le mórfhiosrúcháin coiriúla, mar shampla Dúnmharú Lyra McKee
6 Feabhra Crith talún Gaziantep, An Tuirc agus Siria. Maraíodh b'fhéidir 60,000.
2/3 Feabhra Balúin bhrathadóireachta na Síne; sheol an tSín balúin brathadóireachta os cionn na Stát Aontaithe
30 Eanáir Buamáil mhosc Peshawar; os cionn 60 maraithe; cuireadh an milleán ar an Talaban de chuid na Pacastáine.
10 Eanáir Marú Tyre Nichols; Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach. Ach níl aon fhianaise ann go raibh sé sin fíor.
3 - 7 Eanáir Toghchán an Chinn Comhairle Kevin McCarthy chun Teach na nIonadaithe i SAM
9 Eanáir Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl; thug lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit i mBraisilia
5 Eanáir Sochraid an Phápa Beinidict XVI i gCearnóg Pheadair i gCathair na Vatacáine
1 Eanáir Ionsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka; Maraíodh líon mór saighdiúirí Rúiseacha
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article 2023, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.