Galar tógálach is ea an mhaláire nó malaria (ón Iodáilis Mheánaoiseach do 'dhroch-aer' a thagann sé).
Tá sé coitianta sna trópaicí agus sna fothrópaicí. Bíonn 350–500 milliún cás ann gach bliain, Tá dlúthbhaint idir an mhaláire agus an bochtanas.
Galar a tholgtar trí fhuil duine a ghalrú le seadán ar leith. Trí gha na muiscíte, a iompraíonn an seadán, a thógann duine an galrú. Ní chuireann an seadán isteach beag ná mór ar an bhfeithid féin, agus mar sin ní dhéanann a córas imdhíonach aon ionsaí air.
Maraítear 1-3 milliún duine gach bliain, 90% díobh san Afraic fho-Shahárach: páistí iad a bhformhór, ar an mórgóir sna tíortha trópaiceacha.
Ach le firinne, is fadhb dhomhanda í, mar is iomaí cuairteoir ar thír the a fhilleann ar a thír dhúchais is é ionfhabhtaithe ag an seadán a bhíonn ciontach as an maláire. Sa Bhreatain, mar shampla, tarlaíonn 2,000 cás den ghalar seo gach bliain agus bíonn sé ina thrúig bháis do dháréag astu sin.
Ceiliúrtar an Lá Domhanda in aghaidh na Maláire ar 25 Aibreán gach bliain.
Déanann cuairteoirí ar thíortha teo an-chuid rudaí chun na muiscítí a choimeád amach uathu, ag baint feidhm as sprae éarthach, feithicídí, eangach muiscíte istoíche, Ach is rídheacair a ngathanna a sheachaint. Fiabhras marfach na dtrópaicí ab ea í riamh.
Seadán (paraisít) ar a dtugtar Plasmodium is cúis leis. As greim na muiscítí ionfhabhtaithe is mó a tholgtar an galar. I gcorp an duine téann na seadáin isteach san ae agus tagann borradh agus fás ar líon na seadán ann. Ina dhiaidh sin ionfhabhtaíonn siad na fuilchealla dearga. Is féidir comharthaí an ghalair a aithint sa duine ionfhabhtaithe tuairim is 10-15 lá i ndiaidh na greama, mar shampla fiabhras, tinneas cinn agus urlacan.
Tá cúig speiceas Plasmodium ann is cúis leis an maláire sa duine daonna: is é Plasmodium falciparum an ceann is marfaí. Is annamh a mharaíonn Plasmodium vivax, Plasmodium ovale agus Plasmodium malariae an duine. Zónóis is ea Plasmodium knowlesi, is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí, macaque i gcás P. knowlesi.
Níl aon leigheas uirthi: ní féidir ach na siomptóim a mhaolú agus na seadáin sa cholainn a choimeád faoi smacht leis na córacha leighis atá ar fáil. Le fada bhíodh dhá uirlis ann chun an mhaláire a chloí: an fheithidicíd DDT a chraobhscaoi!eadh ar fud na dúiche chun na muiscítí a mharú, agus an druga clórachuineon mar cóir leighis ar dhaoine galraithe. Cheap daoine sna 1960idí go raibh an lámh in uachtar faighte ar an maláire, ach tá cineálacha muiscítí tagtha chun cinn le tamall atá imdhíonach ar DDT, agus iad go flúirseach san Afraic anois. Níl aon vacsaín a d'fheidhmeodh i gcoinne na maláire, agus tá sí ag dul i dtreise arís san Afraic, ag bagairt tubaiste ar na daoine ansin. Anois, áfach, tá dóchas ag na taighdeoirí gur féidir an innealtóireacht ghéiniteach a úsáid chun a fhadhb a réiteach thar am. Scéim mar seo atá á cur i ngníomh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is féidir géin nua ó fheithid eile a chur isteach sa mhuiscít agus é ina ubhán toirchithe. Nuair a fhásann an t-ubhán sin sa mhuiscít, is feithid thrasghéineach í le pé airí a thugann an ghéin nua. Más airí í seo a spreagann córas imdhíonach na muiscíte chun dul i ngleic le seadán na maláire, déanfaidh an mhuiscít féin pé seadáin a bhíonn á n-iompar aici a dhíothú. Níl toradh fós ar an scéim seo.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Maláire, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.