Aistriú fuil duine amháin isteach i gcolainn duine eile is ea fuilaistriú, mar shampla, chun cabhrú le duine a chaill cuid mhaith fola trí ghortú.
Déantar an fhuil i gcomhair fuilaistrithe a scagthástáil chun tarchur oibreán ionfhabhtaithe a sheachaint.
CIM-9-MC | 99.0 |
---|---|
MeSH | D001803 |
MedlinePlus | 000431 |
Is dainséar é galar Creutzfeld-Jakob, agus galair eile, SEIF mar shampla, don chóras fuilaistriúcháin.
Baintear mí-úsáid as fuilaistrithe mar dhruga a chuireann leis an bhfeidhmiú sa spórt. Déanann seo líon na bhfuilchealla dearga a mhéadú agus sa tslí seo an méid ocsaigine a iompraítear san fhuil a ardú.
Rinneadh a leithéid den chéad uair go luath sa 19ú céad, ach torthaí marfacha a bhí air go minic. Rinne James Blundell, obstatraí i Londain, an chéad fhuilaistriú ar an 25 Meán Fómhair 1818. D'éirigh cuibheasach maith leis. Ach níorbh théidir fuilaistriú slán áisiúil a dhéanamh go cliniciúil go bhfuarthas amach mar gheall ar thíopáil fola agus an gá le comhoiriúnacht idir tíopaí an thaighteora is an deontóra. Níor thángthas ar na fuilghrúpaí roimh 1900. Bronnadh Duais Nobel an Leighis ar Dr Landsteiner. don fhionnachtain sin sa bhliain 1930.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí gá le méid ollmhór fola le haghaidh fuilaistriúchán do dhaoine gortaithe. Ina dhiaidh sin saothraíodh bealaí chun fuil ó dheontóirí a stóráil le húsáid níos déanaí.
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fuilaistriú, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.