Brainse den mhatamaitic is é an staidreamh, nó an staitistic, a phléann le bailiú, próiseáil is anailísiú sonraí uimhriúla chun eolas achoirnrithe a sholáthar uathu.
Cé nár dhóigh leat gur féidir aon rud deimhneach a rá faoina leithéidí, is féidir a rá de réir theoiric na dóchúlachta cén seans atá ann go dtarlóidh imeacht fánach agus cur síos a dhéanamh ar an gcóras dá réir.
Baintear leas as an staidreamh i gcúrsaí airgeadais, sa stocmhargadh, i dtrialacha leighis, sa bhfisic chandamach, agus i dtrialacha ina mbíonn earráid ag baint leis na tomhais a dhéantar. Mar shampla, maidir le tacar sonraí, ríomhtar an meán, an t-airmheán is an mód, agus mar thomhais ar inathraitheacht na sonraí is a leathadh, an raon is an diall caighdeánach.
Is é atá i gceist le staitistic mhatamaiticiúil ná an mhatamaitic a chur i bhfeidhm ar staitisticí. I measc na dteicnící matamaitice a úsáidtear chuige seo tá an anailís mhatamaiticiúil, an t-ailgéabar líneach, an anailís stocastach, cothromóidí difreálacha, agus teoiric na dóchúlachta um tomhas-teoiriciúil.
Téann na scríbhinní luatha ar thátal staitistiúil siar go matamaiticeoirí Arabacha agus cripteagrafaithe, le linn an Ré Órga Ioslamaí idir an 8ú agus an 13ú haois. Scríobh Al-Khalil (717–786) "Leabhar Teachtaireachtaí Cripteagrafacha", ina bhfuil iomalartuithe agus teaglamaí in úsáid don chéad uair chun focal Araibis a liostáil le gutaí agus gan iad. Ina leabhar "Lamhscríbhinn ar Theachtaireachtaí Cripteagrafacha a Scaoileadha", thug Al-Kindi cur síos mionsonraithe ar conas leas a bhaint as anailís minicíochta chun teachtaireachtaí criptithe a scaoileadh. Freisin, ba e Al-Kindi a chéad bhain leas Freisin, ba e Al-Kindi a chéad bhain leas as infeireas staitistiúil, nuair d’fhorbair seisean agus cripteagrafaithe Arabacha eile ina dhiaidh sin na modhanna staidrimh luatha chun teachtaireachtaí criptithe a scaoileadh. Rinne Ibn Adlan (1187–1268) cion tábhachtach ina dhiaidh sin, maidir le méid an tsampla a úsáid in anailís minicíochta.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Staitistic, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.