Is cumas chun obair a dhéanamh é an fuinneamh, de réir na fisice de.
Is iomaí cineál fuinnimh ann. Is fuinneamh cinéiteach é an fuinneamh atá i réad de bharr a ghluaisne. Is fuinneamh poitéinsiúil domhantarraingthe é fuinneamh atá i réad de bharr a airde os cionn plána tagartha, mar shampla, cloch os cionn na talún. Is fuinneamh meicnice é an dá shaghas fuinnimh sin curtha le chéile, fuinneamh cinéiteach is fuinneamh poitéinsiúil. Is cineál fuinnimh eile é an teas. Nuair a dóitear breosla, mar shampla peitreal, fuasclaítear fuinneamh ceimiceach an bhreosla ina theas.
De réir bhunchoincheapanna na fisice, ní féidir fuinneamh a chruthú ná a dhíothú ach is féidir é a athrú ó chineál amháin fuinnimh go cineál eile. Tarlaíonn a leithéid in inneall ar bith, mar shampla in inneall dócháin inmheánaigh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fuinneamh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.