Tá cáil mhór ar fud an domhain ar an Camino de Santiago de Compostela, nó Conair Shéamuis Naofa - an tsiúlóid choisricthe sa Spáinn le bealaí éagsúla ar fud na hEorpa atá ag tarraingt ar Santiago de Compostela in iarthuaisceart na Spáinne, áit a gcreidtear go bhfuil Naomh Séamas curtha.
Is dócha gurb é Camino de Santiago an cosán oilithreachta is clúití ar domhan, mórbhealach oilithrigh ársa i dtuaisceart na Spáinne.
Sa bhliain 1171, d'iarr Anraí II Shasana pas coimirce ar Fernando II, Rí León, lena bhóthar a réiteach go Santiago. Tá gach dealramh ar an scéal gur leagadh an oilithreacht mar phionós air in éiric dhúnmharú Thomas Becket.
Is fada an bhaint atá ag na Gaeil leis an oilithreacht go Santiago de Compostela.
Croíchuid den Camino de Santiago ná an pas "sello", cruthúnas gur thaistil an t-oilithreach ó áit go háit. Is éard is sello ann ná cruthúnas gur thaistil an peregrino, mar a thugtar ar oilithrigh an Camino, ó áit go háit (‘stampa’ sa Spáinnis ach úsáidtear an focal Spáinnise is cuma cén teanga atáthar a labhairt). Ag deireadh na hoilithreachta, i gcathair naofa Santiago, grinnítear an credencial (pas oilithrigh) agus bronntar compostela (teastas) ar an perigrino.
Bíonn sello le fáil i ngach séipéal, mainistir, clochar, agus ardeaglais, ach is féidir ceann a fháil san albergues (brúnna óige oilithreach), sna caiféanna agus sna bialanna freisin.
Síneann cúpla conair éagsúil trasna na Spáinne: Camino del Norte (An Chonair Thuaidh), Camino Inglés (Conair na Sasanach), Camino Primitivo, Camino Francés (Conair na bhFrancach) agus Camino Portugés (Conair na bPortaingéalach) i measc eile.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Camino de Santiago, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.