Ceoltóir pop agus gaspail ab ea Aretha Louise Franklin (25 Márta 1942 – 16 Lúnasa 2018).
'Queen of Soul' an leasainm a bhí ar an amhránaí seo a rugadh i Memphis, Stát Tennessee ach a tógadh i gcathair Detroit.. Bhain sí cáil dhomhanda amach di féin de bharr a guth láidir.
Áirítear gur dhíol sí breis is 75 milliún ceirnín go domhanda, agus ba mhinic í ina príomh aoí ag ceolchoirmeacha freisin.
Ba díol ionspioráide í féin agus a cuid amhránaíochta dóibh siúd i ngluaiseachtaí cearta síbhialta chomh maith le cearta na mban sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile. Chan sí ag an searmanas faoinar insealbhaíodh Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá i 2009.
Bhí 21 Grammy bainte aici agus—dar le "Rolling Stone Magazine"—ba í an t-amhránaí ab fhearr ar domhan í tráth.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aretha Franklin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.