Údar Rúiseach a scríobh úrscéalta, gearrscéalta agus aistí ba ea Fyodor Mikhailovich Dostoyevsky (Фёдор Миха́йлович Достое́вский) (11 Samhain 1821 – 9 Feabhra 1881 de réir an tseanfhéilire, nó 30 Deireadh Fómhair 1821 – 29 Eanáir 1881).
Is iad na saothair is mó clú dá chuid Coir agus Pionós (Преступление и наказание), An tAmadán (Идиот) agus Deartháracha Karamazov (Братья Карамазовы). Thug sé an-léargas ar intinn shuaite an duine agus ar cheisteanna crua na beatha, agus tugtar aitheantas dó mar dhuine de scríbhneoirí móra na Rúise.
Bhíodh a athair, Mikhail Andryeyevich, fear diaga crua a fuair céim uasal sa bhliain 1828, ag obair mar dhochtúir in Ospidéal Marinski do na bochtáin i Moscó. Ba de shliocht lucht trádála í Mariya Fyodorovna, a mháthair. Bhí Fyodor ar an dara duine de sheachtar clainne a mhair. Faoin mbliain 1832 bhí eastát beag ceannaithe ag Mikhail Andryeyevich, agus é dian ar na seirfigh a bhí ann. Ach b’annamh ann é agus na páistí ar saoire ann, agus bhainidís an-sult as an am a gcaithidís ann.
Nuair a bhí D. cúig bliana déag d'aois fuair Mariya Fyodorovna bás den eitinn, agus chuir a athair an bheirt mhac ba shine chun Cathair Pheadair, áit a chuaigh Dostoyevsky ar Institiúid Innealtóireachta Niocláis Anseo fuair sé idir cheird ghairmiúil agus dheis scríbhneoireachta. Sa bhliain 1843 d'fhoilsigh sé aistriúchán de Eugénie Grandet, úrscéal de chuid Balzac. An bhliain dár gcionn d'fhoilsigh sé Bochtáin (Бедные люди - Byednýye lyudi), úrscéal óna lámh féin a tharraing clú air. Thaitin an leabhar go mór le B.G. Byelinsky, criticeoir mór le rá, agus le daoine eile, ach ba bheag orthu An Scáil (Двойник - Dvoinik), scéal cléirigh atá sáraithe ag a scáil féin, agus mheath iomrá an údair.
Fuair athair Dostoyevsky bás sa bhliain 1839. Deirtí gurb iad a chuid seirfeach féin a mharaigh é.
Gabhadh Dostoyevsky sa bhliain 1849 agus cuireadh cúirt air as baint a bheith aige le grúpa Petrashevsky, grúpa intleachtóirí liobrálacha. Chiontaigh an chúirt Dostoyevsky as litir threascrach a léamh os ard i gcuideachta daoine eile in dhá áit dhifriúla..
D’fhulaing Dostoyevsky pianseirbhís ceithre bliana. Ansin cuireadh iachall air seirbhís mhíleata a dhéanamh ar feadh cúig bliana ina shaighdiúir singil agus ina leifteanant sa Reisimint Shibéarach sa Chasacstáin. D’éirigh sé mór le Mariya Dmitriyevna Isayeva, bean chéile duine aitheantais sa tSibéir, agus phós siad sa bhliain 1857 tar éis bhás fhear Mariya.
Tháinig athrú mór ar mheon agus ar thuairimí Dostoyevsky agus é ina chime. Dhiúltaigh sé do na fealsúnachtaí Iartharacha a bhí ann lena linn agus chuaigh i leith aigne dhúchasach na Slavbhách. Rud eile de, d’iompaigh sé ina Chríostaí dílis mar bhall den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach. Chuir sé i gcoinne an Nihileachais agus an tSóisialachais agus rinne scigaithris ar scríbhneoirí agus intleachtóirí ar nós Ivan Turgyenyev a bhí faoi anáil an Iarthair. Léiríonn saothar déanach Dostoyevsky díospóireacht bhríomhar bhuartha idir a cuid pearsana faoi chúrsaí spioradáltachta agus faoin gcoimhlint idir seanaigne na Rúise agus tionchar an Iarthair.
Sa bhliain 1859 d’fhill Dostoyevsky ar Chathair Pheadair, mar ar fhoillsigh sé féin agus a dheartháir Mikhail Mikhailovich dhá iris liteartha: Vryemya (Aimsir) agus Epokha (Ré). Druideadh Vryemya de bharr na dtuairiscí a thug sí ar Éirí Amach Polannach na bliana 1863.
I Mí na Bealtaine chuaigh Dostoyevsky siar go dtí an Eoraip den chéad uair agus thug cuairt ar an nGearmáin, ar an bhFrainc, ar an Eilvéis agus ar Shasana. Ghnáthaigh sé tithe cearrbhachais agus bhuail sé le Apollinariya (Polina) Suslova, múnla an mban misniúil, ar nós Katyerina Ivanovna, atá le fáil ina shaothar. Thug sé iarracht ar Epokha a choinneáil ar siúl, ach chaill sí an oiread sin léitheoirí gurbh éigean dó í a dhúnadh.
Ghoill bás a mná sa bhliain 1864 go mór air, cé gur minic nár réitigh siad le chéile, agus cailleadh a dheartháir go gearr ina dhiaidh sin. Bhí ualach mór fiach air, ualach a d’éirigh níos troime nuair a ghabh sé fiacha cearrbhachais Mikhail air féin agus a sholáthair riar a gcáis dá mhac altrama agus do mhuirín a dhearthár. Bhain sé sólás as an gcearbhachais arís é féin agus chaill an t-uafás airgid. Easpa airgid a thug air Coir agus Pionós (Преступление и наказание - Pryestuplyeniye i nakazaniye) a chur de go deifreach, agus scríobh sé An Cearrbhach (Игрок - Igrok) ag an am céanna chun conradh le Stellovsky, a fhoilsitheoir, a chomhlíonadh. D’éileodh sé siúd cóipchearta shaothair uile Dostoyevsky mura bhfuair sé scéal nua.
D’éalaigh Dostoyevsky chun na hEorpa arís. Dhiúltaigh Suslova é a phósadh, rud a ghoill air, ach casadh Anna Grigoryevna Snitkina, luathscríobhaí óg, air. Dise a dheachtaigh sé An Cearrbhach, agus phós siad sa bhliain 1867. Sa bhliain 1872 rinneadh príomheagarthóir den iris Grazhdanin (Saoránach) de, agus thosaigh sé ag foilsiú “Dialann scríbhneora” uirthi, sraith scéalta agus alt a raibh an-ghlaoch uirthi.
Mhéadaigh ar an moladh agus ar an aitheantas a tugadh dó. Sa bhliain 1877 toghadh é ina bhall d’Acadamh na nEolaíochtaí. Sa bhliain 1879 ghlac sé le cuireadh chun comhdhála móire liteartha i Londain, cathair ar fhreastail sé ar a lán cóisireacha agus é ag léamh sleachta as a scéalta féin agus as filíocht Pushkin, file a raibh meas an domhain aige riamh air.
Is minic Dostoyevsky á chur in iúl gur dream santach míthrócaireach iad na Giúdaigh agus go mbíonn siad ag déanamh dochar mór don phobal – tuairimí frith-Sheimíteacha a bhí coitianta go leor ag an am. Deir sé gur dona an scéal é mura gcuimhníonn bunadh (neamh-Ghiúdach) na tíre - “narod” (народ) - ar a gcás féin, mar tiocfaidh siad faoi bhois an chait ag na Giúdaigh, agus gan cabhair le fáil ó na hintleachtóirí. “Ólfaidh na Giúdaigh fuil na muintire...” (Жидки будут пить народную кровь…)
Os a choinne sin, is dócha go raibh gearradh éigin coinsiasa air faoina ndearcadh i leith na nGiúdach. Scríobh sé féin agus Arcady Kovner, iriseoir Giúdach, go croíúil chun a chéile, agus chuaigh tuairimí Kovner go mór i bhfeidhm air. Ní mór a chuimhneamh, maidir leis seo, go raibh Dostoyevsky den tuairim gur chóir lánchearta sibhialta a thabhairt do Ghiúdaigh agus do thuataigh araon (dhá dhream a bhí faoi leatrom riamh), agus gur mhol sé don tSár Alasdar II go dtabharfaí poist cheannasacha do Ghiúdaigh, ar nós ollúnachtaí. Shíl sé, mar sin, go raibh fuascailt na “faidhbe” le fáil in aontú an dá phobail – Giúdaigh agus Críostaithe.
Seo an brollach a chuir sé le Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh. Is léir gur carachtar ficseanúil é an "fear eagair" a "chum" an brollach seo. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh le haghaidh na Vicipéide.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fyodor Dostoyevsky, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.