File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Seosamh Máire Pluincéad (21 Samhain, 1887 – 4 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a thugtaí air as Béarla.
Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ba ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Samhain 1887 Baile Átha Cliath |
Bás | 4 Bealtaine 1916 28 bliana d'aois Príosún Chill Mhaighneann |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Stonyhurst |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, iriseoir, Easparantóir, polaiteoir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Óglaigh na hÉireann |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Teaghlach | |
Athair | An Cunta Pluincéad |
Siblín | Fiona Plunkett, Seoirse Oilibhéar Pluincéid agus Geraldine Plunkett Dillon |
Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus sa Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh Esperanto, an teanga idirnáisiúnta, acu. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, áit ar bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saolta.
Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.
Ba é Pluincéad a chruthaigh beartaíocht na réabhlóidithe le haghaidh an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé le fáil in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraic Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. Ba é Micheál Ó Coileáin an aide de camp óg a bhí aige. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann mórán a dhéanamh i rith na seachtaine.
Ghéill na ceannaircaigh ar 29 Aibreán agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a ghrá geal Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seosamh Pluincéad, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.