Séard atá sa phósadh ná comhcheangal sóisialta nó conradh dlíthiúil idir dhaoine aonair a bhunaíonn gaol.
Is aontas é atá glactha go sóisialta agus go dlíthiúil ag beirt a bheidh ina gcónaí lena chéile agus a fhanfaidh dílis dá chéile gan daoine eile a bheith páirteach. Is conradh dlíthiúil é a n-athníonn cearta agus freagrachtaí an leanúin, a mbaineann le céileachas, tógáil páiste agus dílseacht, do gach bhaill den pósadh. Maireann an conradh san Iarthar go dtí go dtarlaíonn colscaradh nó bás an pháirtí.
Is institiúid í ina n-aithnítear caidrimh idirphearsanta, go hiondúil atá dlúthaí agus collaí, i slite éagsúla ag brath ar an mbéascna nó an déimeagrafach. Tugtar bainis ar fhéasta an phósta.
Ar an 23 Bealtaine 2015, ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne.
Ar 1 Aibreán 2001, rinneadh pósadh idir beirt arb ionann gnéas dóibh dleathach san Ísiltír, an chéad tír ar domhan inar tharla sé sin.
Ceann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain bhisigh ná go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear í a phósadh. Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pósadh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.