Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin.
Ceann de na rudaí is léir láithreach sa Caitliceachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa, agus a dháiltear go cúramach trí cheapadh easpaig ón Róimh féin. Is é Pápa Proinsias ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí anois.
Is í an eaglais Chríostaí is mó ar domhan,agus cé go bhfuil Caitlicigh i mbeagnach gach tír ar domhan, is é an príomhchreideamh i gcuid mhór den Eoraip, de Mheiriceá Thuaidh agus go háirithe Meiriceá Theas agus Láir, agus áiteanna san Áise, mar na hOileáin Fhilipíneacha.
De réir mar atá an daonra ag fás i dtíortha cosúil le na hOileáin Fhilipíneacha, tíortha éagsúla san Afraic agus i Meiriceá Láir agus Theas, tá cumhacht á leathadh de réir a chéile do na háiteanna sin.
Ar an taobh eile den scéal, tá titim mhór i bpáirtíocht agus i gcleachtadh an chreidimh seo sna tíortha a bhí i lár staire an chreidimh, m.sh. sa Spáinn, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus in Éirinn féin.
Baisteadh
An chéad Chomaoineach
Ón nGréigis a thagann an focal "Caitliceach", a chiallaíonn domhanda.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Eaglais Chaitliceach Rómhánach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.