Breoiteacht mharfach ba ea an Bholgach, nó an Bolgach Dé, agus Variola vera sa Laidin.
Víreas an-mhór ba ea é, i bhfad níos mó ná na víris is cúis leis an bhfliú nó an polaimiailíteas.
Má fuair duine an bholgach, níorbh fada go mbeadh fios aige nó aici faoi. I measc na gcéad gcomharthaí den bholgach ná fiabhras, tuirse, tinneas cinn agus pian droma. Tar éis trí lá de bhreoiteacht, bhí gríos dearg le feiceáil ar an gcraiceann. D’éirigh na spotaí crua, d’ardaídís suas agus líonaidís le sileadh agus tháinig gearb orthu. D’fhéadadh na gearba san thú a fhágáil caoch.
Chuireadh an bholgach scanradh ar na mílte nuair a tharlaíodh sí. D 'fhaigheadh trian ar a laghad de na hainniseoirí a thógadh í bás taobh istigh de mhí, leanaí a bhformhór. Iad siúd a thiocfadh slán, bhíodh a gcraiceann clúdaithe le coilm.
Galar ársa ba ea an bholgach a mharaigh níos mó daoine thar na céadta ná aon ghalar tógálach eile, meastar. 500 milliún duine a fuair bás den bholgach sa 20ú haois amháin.
Chomh déanach le 1947 nuair a fuair duine amháin bás den bholgach i Nua-Eabhrac, tugadh an vacsaín do 6 mhilliún duine.
Níl cur síos ar éinne a tholg í ó na 1970idí. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar 9 Nollaig 1979 go raibh an bholgach díothaithe. Anois ní luaitear í i gcuid de na téacsleabhair leighis, fiú.
Tá stór de sna Stáit Aontaithe, agus bhí plean ag an rialtas ansin an stór a dhíothú. Ach ar deireadh chinn siad gan é a dhéanamh.
Níl aon vacsaín úr fhónta sa tír sin ná aon tír eile, agus dá dtarlódh éigeandáil níorbh fhéidir an pobal a vacsaíniú.
Is cinnte go bhfuil an víreas fós beo i dtíortha ar fud an domhain, i saotharlanna is amuigh sa nádúr. D'fhéadfaí í a scaipeadh am éigin i gcogaíocht bhitheolaíoch nó sceimhlitheoireacht. Seans go bhfuil díonacht an phobail ar an mbolgach laghdaithe go mór le glúin nó dhó freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bolgach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.