Is buncheart daonna é teach ar uisce óil.
Gach lá, bíonn gach duine ag lorg, inár saol príobháideach nó ag obair nó ag súgradh, uisce glan sláintiúil ó sconna (uisce buacaire) nó ó fhoinse éigin eile dúinn féin agus dár n-ainmhithe agus ag an am céanna ár ndramhaíl agus a gcuid dramhaíola á scaoileadh ar ais chuig an timpeallacht uisce atá muid ag brath air an oiread sin. Tá iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil aige seo, lena n-áirítear:
• an costas a bhaineann le huisce salach a ghlanadh chun cáilíocht inólta a thabhairt dó,
• tinneas de bharr uisce éillithe a ól, agus
• damáiste d’éiceachórais atá ag brath ar uisce.
Tháinig leagan nua den Treoir um Uisce Óil de chuid an Aontais Eorpaigh amach sa bhliain 2020 Leis na rialacha nua, tugadh aghaidh ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag suaiteoirí inchríneacha, ag cógais agus ag micreaphlaistigh ar shláinte an duine trí shásra a thabhairt isteach maidir le liosta faire. Éilítear chomh maith ar bhallstáit an Aontais rochtain ar uisce glan do chách a chur chun cinn, go mór mór i gcás daoine nach bhfuil lánrochtain ar uisce acu agus daoine atá faoi mhíbhuntáiste. Leagadh amach sna rialacha íoscheanglais shláinteacha maidir le hábhair a bhaineann le huisce óil, amhail píopaí.
In Éirinn faightear thart ar 80% den uisce óil ó aibhneacha agus lochanna. Ach léirigh tuarascáil an GCC ar cháilíocht an uisce go bhfuil cáilíocht uisce sna lochanna, aibhneacha, agus inbhir in Éirinn ag dul in olcas, agus go bhfuil go leor pobal in Éirinn fós ag fulaingt ó shrianta uisce agus fógraí.
Tá beagnach 200,000 teaghlach in Éirinn ag brath ar thoibreacha príobháideacha le haghaidh a gcuid uisce óil. Ach tá ceann de na heachtraí is airde d’fhógraí VTEC ((verocytotoxigenic E.coli) ) in aghaidh an duine san Eoraip in Éirinn. Drochshláintíocht is cúis leis.
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn. Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Uisce óil, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.