Is éard is Escherichia coli ann (nó E.coli) ná speiceas baictéar slatchruthach a thaightear i gconair an díleá in ainmhithe, daoine ina measc, agus atá coiteann san ithir is gnáthóga uisciúla.
Sonraí | |
---|---|
Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Pseudomonadati |
Fíleam | Pseudomonadota |
Aicme | Gammaproteobacteria |
Ord | Enterobacterales |
Fine | Enterobacteriaceae |
Géineas | Escherichia |
Speiceas | Escherichia coli Mig., 1895 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tá an géineas ainmnithe as Theodor Escherich, a chéad d'aimsigh E.coli.
Ní dhéanann an chuid is mó de na tréithchineálacha E.coli aon dochar do dhaoine, ach tá roinnt fíor-phataigineach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht bhaictéarach srl.
Is iad E.coli agus eintreacocas na stéige an dá chineál baictéar is coitianta. Orgánaigh bhídeacha is ea iad sin a mhaireann i bputóga ainmhithe teofhuilteacha – daoine, ba, madraí agus éanlaith san áireamh. Faightear iad go flúirseach san fhaecas, is é sin, cac. Ionfhabhtaíonn E.coli an chonair úiríneach uaireanta.
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn. Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Escherichia coli, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.