Is ionann iriseoireacht agus ceird ina ndéantar tuairisciú, scríbhneoireacht, eagarthóireacht nó grianghrafadóireacht ar nuacht, ar mhaithe le craobhscaoileadh.
Is gnách go ndéantar í mar ghnó tráchtála. Tugtar iriseoir ar dhuine a bhíonn ag plé leis an gceird seo.
Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.
Níl an iriseoireacht furasta mar obair. Mar shampla, b’fhearr lena lán léitheoirí go minic altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal. Ach is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é. Tosaíonn iriseoirí uaireanta le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú (nó níos measa, ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú).
Is obair chontúirteach í amanna. Mar shampla sna 1990idí, bhí Veronica Guerin ag obair mar iriseoir imscrúdaitheach dúnmharaíodh Veronica Guerin i mBÁC ach rinne mangairí drugaí slad uirthi sa bhliain 1996.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Iriseoireacht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.