Is é Microsoft an comhlacht bogearraí is mó ar domhan.
Tá ceanncheathrú an ollchomhlachta ríomhaireachta in Redmond, Washington, SAM.
Tá bogearraí Microsoft le fáil i bhformhór na ríomhairí pearsanta ar fud an domhain. Is éard is cúis leis sin greim chomh docht sin a bheith ag Microsoft ar mhargadh na gcóras oibriúcháin trí chóras Windows agus trí Microsoft Office go háirithe. Ar na táirgí atá ar fáil tá an próiseálaí focal Microsoft Word, an scarbhileog Microsoft Excel, an pacáiste taispeántais Microsoft Powerpoint agus an bunachar sonraí Microsoft Access.
Bhunaigh Paul Allen agus Bill Gates an comhlacht sa bhliain 1975.
Sa bhliain 2022, bhí timpeall 220,000 ar fud an domhain fostaithe ag Microsoft. Ach in 2023, bhí an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus bhí oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí ríomhaireachta is mó. Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.
I dtús na bliana 2023, bhí sé beartaithe ag Microsoft níos mó ná 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain. Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Satya Nadella "tar éis go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, go raibh siad ag iarraidh ag an am céanna níos lú airgid a chaitheamh air".
Tá ceanncheathrú Microsoft in Eoraip suite in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath.
Bhí breise agus 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn roimh 2023 - idir na ranna oibríochtaí, díolacháin, innealtóireachta agus forbartha táirgí. D'fhógair an comhlacht i dtús na bliana 2023 go rabhthas le 180 duine in Éirinn a ligean chun siúil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Microsoft, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.