Chatgpt

Is bota comhrá é ChatGPT (Generative Pre-trained Transformer nó Claochladán Giniúnach Réamhthraenáilte, i nGaeilge), de chuid an comhlacht OpenAI, a bhaineann úsáid as intleacht shaorga (AI) chun téacsanna a scríobh nó eolas a fháil.

ChatgptChatGPT
Chatgpt
Chatgpt Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállarge language model (en) Aistrigh agus ríomhróbat comhrá Cuir in eagar ar Wikidata
Bunleagan30 Samhain 2022
Leagan bogearraí
ChatGPT January 10 Version (10 Eanáir 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Ceadúnasceadúnas dílsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar fáil sa
Eapainmonline chat (en) Aistrigh agus GPT-1 (en) Aistrigh
Saintréithe teicniúla
Ardánbrabhsálaí Gréasáin, Comhéadan feidhmchláir, iOS agus Android
Scríofa iPython
Foireann
Cruthaitheoir/íOpenAI
Forbróir(í)OpenAI
DáileoirAmazon Appstore (en) Aistrigh, App Store agus Google Play
Foinsí cóid
Google Playcom.openai.chatgpt Cuir in eagar ar Wikidata
iTunes Store6448311069 Cuir in eagar ar Wikidata

Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinchat.openai.com (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditChatGPT Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm14636917 Twitter: ChatGPTapp Musicbrainz: d6971d63-2dc1-40b0-8e2d-ded6f3319f70 Cuir in eagar ar Wikidata

Seoladh ChatGPT mar fhréamhshamhail an 30 Samhain 2022, agus tharraing sé aird go tapa as a chuid freagraí mionsonraithe agus sothuigthe thar go leor réimsí éagsúla. I mí Eanáir 2023, cuireadh luach de $30 billiún ar OpenAI, agus $86 billiún i mí Dheireadh Fómhair 2023, an gnólacht nuathionscanta is mó fás riamh i stair an domhain.

Úsáid

Is féidir ceisteanna a chur ar ChatGPT agus tabharfaidh sé freagraí cuibheasach maith (fiú ar cheisteanna gramadaí as Gaeilge). Is comhrá atá ann agus sin ceann de na gnéithe a bhaineann le ChatGPT, agus botaí eile dá leithéid. Baineann ChatGPT úsáid as téacsanna nó eolas atá ar fáil cheana féin chun téacsanna nó freagraí a chruthú. Déanann ChatGPT an taighde ar líne agus míneoidh sé duit é agus tabharfaidh sé an freagra duit, amhail is go bhfuil cara ag míniú rud éigin duit. Ar dtús, bhí an-bhéim ar an gcumas atá ag ChatGPT aistí a scríobh.

Léirigh taighde a rinne an craoltóir ón Ísiltír NOS sa bhliain 2023 go bhfuil nós forleathan tar éis teacht chun cinn i measc aos óg na tíre sin iarraidh ar ChatGPT a gcuid obair bhaile a dhéanamh; aistí faoi na leabhair atá ar churaclaim na dteangacha éagsúla is mó a iarrtar ar an mbota a chur ar fáil, de réir cosúlachta.

Microsoft Copilot

Is é GPT-4 an tsamhail, nó inneall, atá taobh thiar de Microsoft Copilot, a bhíodh aithne air faoin ainm BingChat gor dtí Meán Fómhair 2023. Caithfear an brabhsálaí Microsoft Edge a úsáid le leas a bhaint as Microsoft Copilot agus seachas Edge a shuiteáil ar do ríomhaire, is féidir GPT-4 a úsáid trí Microsoft Copilot saor in aisce.

Rialú

Níl sé soiléir fós conas srian a chur le ChatGPT, más gá. Tá ceisteanna eiticiúla go leor le cur faoi ChatGPT agus a macasamhla.

Ceann de na contúirtí is mó a bhainfidh lena leithéid seo de bhogearra ná gur féidir iad a úsáid chun teoiricí comhcheilge agus nuacht bhréige a chumadh agus a scaipeadh ar luas lasrach. Ceist eitice eile ná ceist chóipcheart na mbuntéacsanna a mbaineann ChatGPT úsáid astu d’fhonn téacsanna nua a chruthú. Agus ar chóir go mbeadh ar chumas comhlacht príobháideach, nó ar chumas dornán comhlachtaí príobháideacha, oiread tionchair a imirt ar an gcumarsáid dhaonna?

Bhí cosc curtha ar ChatGPT san Iodáil i mí Aibreáin 2023 mar gur bhris sé an dlí a bhaineann le GDPR. Chuir an Iodáil cosc scun scan ar úsáid ChatGPT sa tír sin toisc go mbeadh cearta cóipchirt á sárú ag an áis.

Sa bhliain 2023, d’fhógair an iris iomráiteach fantaisíochta agus ficsean eolaíochta ó Mheiriceá Clarkesworld nach mbeadh siad ag glacadh le haon scéalta nua go ceann píosa, toisc go raibh an iomarca scéalta á gcur chuig an iris ar léir gur bota, seachas duine, a scríobh iad.

Gaeilge

Tá leagan 4 de ChatGPT ábalta (le fáil via BingChat, mar shampla, saor in aisce) ceisteanna i nGaeilge a thuigbheáil ach tá seans maith ann go n-iompóidh sé ar an Bhéarla tar éis tamaill. D’iarr Tuairisic.ie ar ChatGPT sa bhliain 2023 dán beag grinn a scríobh i nGaeilge.

Aistriúchán

Is féidir leis plé le haistriúchán go pointe ach ní shin a phríomhchúraim. Tá an bhéim á leagan ar cheisteanna a thuiscint agus freagraí cruinne a thabhairt. Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill.

Traenáil

Chatgpt 
Pioneer Building, San Francisco, ceanncheathrú OpenAI
Chatgpt 
Sam Altman, Príomhfheidhmeannach OpenAI

Ar feadh na mblianta, chuir oibrithe an chomhlachta OpenAI téacsanna isteach sa bhota seo, ó iliomad foinsí, agus thraenáil siad an bota chun an t-eolas sin a ransú d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua as an bpíosa a chruthú – rud a dhéanann an bota in iliomad teangacha agus in iliomad stíleanna.

Baineann ChatGPT - agus botaí eile dá leithéid - úsáid as 'foghlaim faoi mhaoirseacht' (supervised learning) chomh maith le 'foghlaim treisithe' (reinforcement learning). Bhain an dá chur chuige úsáid as oiliúnóirí daonna chun feidhmíocht na samhla a fheabhsú. I gcás na foghlama faoi mhaoirseacht, cuireadh comhráite ar fáil don tsamhail inar imir na hoiliúnóirí an dá thaobh: an t-úsáideoir agus an cúntóir AI.

Sa chéim atreisiúcháin, ar dtús, rangaigh na hoiliúnóirí daonna na freagraí a chruthaigh an tsamhail i gcomhrá roimhe seo. Úsáideadh na ranguithe seo chun 'samhlacha luaíochta' a chruthú, ionas go bhféadfaí an tsamhail a mhionchoigeartú tuilleadh, ag baint úsáide as roinnt atriallacha d'Optamú Beartais Neasaigh (Béarla: Proximal Policy Optimization)

Tugann algartaim OBN tairbhe éifeachtach ó thaobh costais de, d'algartaim um optamú beartais réigiúin iontaoibhe; cuireann siad go leor de na hoibríochtaí ríomhchuidithe costasacha ar ceal, le feidhmíocht níos tapúla. Cuireadh oiliúint ar na samhlacha i gcomhar le Microsoft ar a mbonneagar sár-ríomhaireachta Azure.

Ina theannta sin, bíonn OpenAI ag bailiú sonraí ó úsáideoirí ChatGPT, a d'fhéadfaí a úsáid chun tuilleadh oiliúna a dhéanamh ar ChatGPT agus chun é a mhionchoigeartú. Tá cead ag úsáideoirí vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na freagraí a fhaigheann siad ó ChatGPT; nuair a dhéantar vótáil ar son nó in aghaidh, is féidir leo réimse téacs a chomhlánú freisin chun aiseolas breise a sheoladh isteach.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

Chatgpt ÚsáidChatgpt RialúChatgpt GaeilgeChatgpt TraenáilChatgpt Féach freisinChatgpt Naisc sheachtrachaChatgpt TagairtíChatgptOpenAI

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, GazaSaigheadDúnorgainTwitterDolores McNamaraIacártaDrew Z. GreenbergHóiméarBlagNéimeatóidCloch, Páipéar, SiosúrFree Software FoundationSasanaLiosta daoine as an mBreatain BheagPeil Ghaelach na mBan1 EanáirCogadhCú ChulainnEolaíocht nádúrthaSteve JobsTúr EiffelPuchán aeTeangacha GaelachaMicéinéBalún (aerárthach)Hans ZinsserAn MheaspatáimBaile Átha CliathNuala Ní DhomhnaillNaomh AntaineLogánúCál ceannannDuillíneachElbaSiondróm duine strompthaEyvind JohnsonWiki Foundation1616Contaetha na hÉireannRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannLá Taraimsithe an DomhainCros DomhnaighBaltimore, MarylandHoward DeanContae Chiarraí1816ManglamTamocsaifeinPiongainCultúrC++Truman CapoteFéilireReiligiúnCáisc na nGiúdachAn Téaváin1962Eilís II na Ríochta Aontaithe1929CíochSteve PrefontaineÉireOisín MacAn GhréigisCumarsáidGás nádúrthaRéigiún an Lár-Atlantaigh12 LúnasaCorn Domhanda FIFA na mBan 2023Éire (Poblacht na hÉireann)Na Cruithnigh22 Aibreán🡆 More