B'iriseoir Éireannach í Veronica Guerin (5 Iúil 1958 - 26 Meitheamh 1996).
Scaoileadh í i luíochán ar thaobh an bhóthair, ar dhébhealach Nás na Rí. Mangairí drugaí a rinne an slad.
Dealbh de Veronica Guerin | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Iúil 1959 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 26 Meitheamh 1996 36 bliana d'aois M7, Éire |
Siocair bháis | Dúnmharú |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Iriseoireacht |
Gairm | cuntasóir, scríbhneoir, iriseoir, imreoir sacair |
Tréimhse oibre | 1990 – |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Spórt | sacar |
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Ionsaitheoir |
Gradam a fuarthas
| |
Sna 1990idí, bhí Guerin og obair mar iriseoir imscrúdaitheach leis an Sunday Tribune, agus ansin an Sunday Independent.
Bhí na tuairiscí seo ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach. ‘Citizen Journalist’ á baisteadh uirthi le meas agus gean. Rinne sí agallamh eisiacha leis an Easpag Éamon Casey agus scríobh sí scéal eisiach faoin útamáil a bhain le heiseachadadh Brendan Smyth.
Thosaigh sí ag dul sa tóir ar na mangairí drugaí agus coirpigh eile a bhí gníomhach i mBaile Átha Cliath. Cé gur bhain sí úsáid as leasainmneacha ina cuid iriseoireachta go minic, thosaigh sí ag fáil bagairtí mar gheall ar an obair a bhí á dhéanamh aici.
Sa bhliain 1995, bronnadh an International Press Freedom Award de chuid an 'Committee to Protect Journalists'.
Lámhachadh Guerin don chéad uair agus í sa bhaile ar an 30 Eanáir, 1995. Ba léir go raibh sí i ndainséar. Is mór an t-iontas, ag féachaint siar, nár deineadh a thuilleadh ó thaobh slándála
Feallmharaíodh Guerin an bhliain ina dhiaidh sin, agus í ina suí ina hOpel Calibra ag na soilse tráchta ar Mótarbhealach Nás na Rí, cúpla míle amuigh ón gcathair. Ba bheirt fhear a bhí ag taisteal ar ghluaisrothair a rinne an t-ionsaí, sular theith siad go tapaidh ón láthair. D'éag Guerin ar an toirt.
Bhain an dúnmharú brúidiúil creathadh, ní hamháin as iomairí na hiriseoireachta, na polaitíochta agus na coiriúlachta, ach as muintir na hÉireann ar fad. ‘Má táid sásta iriseoir a mharú, táid oiriúnach ar dhuine ar bith a mharú’ tuairim coitianta na tréimhse. "Ionsaí ar an nDaonlathas" a bhí ann, mar a dúirt Taoiseach an lae Seán de Briotún faoin eachtra.
Ciontaíodh Brian Meehan as dúnmharú Guerin sa bhliain 1996.
Sa bhliain 2018, theip ar Meehan ina iarracht go gcuirfí a chiontú ar ceal ar phointe dlí. Bhí an cladhaire ag iarraidh go ndéanfaí iomrall ceartais dá chiontú.
Ar bhealaí éagsúla, thionscain dúnmharú Guerin leasú ar an mBunreacht agus cúpla reachtanna tábhachtacha ː
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Veronica Guerin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.