Is é is seoladh IP (seoladh prótacal idirlín) ann ná seoladh uathúil a mbaineann gléasanna áirithe leictreonacha úsáid as lena chéile a aithint agus le cumarsáid a dhéanamh le chéile i ngréasán ríomhairí atá ag oibriú de réir an phrótacal idirlín (IP).
Tá dhá fheidhmeannas bunúsacha á gcur i gcrích le seoladh IP - aitheantas chomhéadan líonra agus seolachán suímh. Sa bhunleagan den phrótacal idirlín, IPv4, tá 4 bheart, nó 32 ghiotán i ngach seoladh IP, rud a chiallaíonn go bhfuil spás do 4,294,967,296 óstach (óstríomhaire) ar an Idirlíon. Cuirtear an seoladh IP in iúl mar cheithre fhigiúr a bhfuil poncanna eatarthu - mar shampla, "192.168.1.254". Seasann cuid den seoladh don líonra agus an chuid eile de don óstríomhaire. Úsáidtear uimhir mhasctha folíonra le haghaidh é sin a chur i bhfeidhm.
Gléas tábhachtach é an seoladh IP i ródú na ríomhairí. Faoi láthair, tá na seoltaí IP ag rith gann, agus mar sin, tá an leagan nua den phrótacal IPv6, a bhaineann úsáid as 128 ngiotán, ag teacht ar an bhfód a chuireann i bhfad níos mó seoltaí ar fáil dúinn. Rinneadh caighdeán den leagan nua seo IPv6 sa bhliain 1998 agus tá sé á scaipeadh ó lár na 2000í.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seoladh IP, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.