Iriseoir ab ea Martin 'Marty' O'Hagan (23 Meitheamh 1960 – 28 Meán Fómhair 2001).
Maraíodh an chéad iriseoir ó thuaidh ar 28 Meán Fómhair 2001 nuair a scaoil dílseoirí Marty O’Hagan sa Lorgain i gContae Ard Mhacha agus é ag siúl chun an bhaile lena bhean chéile i ndiaidh oíche sa teach tábhairne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Meitheamh 1950 An Lorgain, Northern Ireland |
Bás | 28 Meán Fómhair 2001 51 bliana d'aois An Lorgain, Northern Ireland |
Siocair bháis | Dúnmharú (Tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uladh An Ollscoil Oscailte |
Gníomhaíocht | |
Gairm | colúnaí, iriseoir |
Tréimhse oibre | 1978 – |
Teangacha | Béarla |
Bhí O'Hagan ar an chéad iriseoir i dTuaisceart Éireann arb é a ghairm iriseora ba shiocair báis dó. Ag an am, bhí sé ag fiosrú na bainte idir an LVF agus na seirbhísí slándála. Ba é an chéad duine a maraíodh toisc gur iriseoir a bhí ann. Trí na Trioblóidí ar fad, níor maraíodh iriseoir ar bith, ainneoin gur tháinig an Tuaisceart trí thréimhse iontach corraithe.
Cúpla uair an chloig roimh lámhach Marty O’Hagan, tharraing Státrúnaí an Tuaiscirt, An Dr. John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm, an UFF, críochnaithe. Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí “gur chinn an UDA ar stop a chur leis an fhoréigean.” Thug an Dr Reid “seans amháin eile” - an seans deireanach - don UDA.
Seacht n-uaire an chloig níos moille, scaoileadh an t-iriseoir. Thit sos cogaidh na ndílseoirí as a chéile, ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Rinne O'Hagan scéalta d'achan saghas don Sunday World. Ach bhí sé ag scríobh go háirithe faoi choirpigh éagsúla i rith na dTrioblóidí.
Fuair sé bagairtí mar gheall ar an obair a bhí á dhéanamh aige sna blianta seo. D'fhuadaigh an tIRA O'Hagan A i ndeisceart Ard Mhacha sa bhliain 1989, – ach scaoileadh saor é.
Sa bhliain 1984, ghortaigh an UVF (go dona) iriseoir eile on Sunday World, Jim Campbell. Bhagair an dream ceanna seo an bás ar Mharty O'Hagan. D'éirigh cúrsaú níos measa nuair a bhí Billy Wright, an síceapatach, i mbarr a reime i bPort an Dúnáin, lámh leis an Lurgain. B'éigean do O'Hagan dul go Corcaigh ar feadh tamaill.
Ní bhíodh ar a aird ach an LVF, agus an bhaint a bhí ag an LVF, go hairithe, le fórsaí rúnda sna péis agus san arm. Le linn an ama seo, bhí na tuairiscí ag O'Hagan ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach.
Bhí paramíleataigh - an LVF (Loyalist Volunteer Force) - freagrach as an dúnmharú. Sa bhliain 2008, bhí cúigear tugtha os comhair cúirte agus dúnmharú an iriseora curtha ina leith.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Martin O'Hagan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.