Is é Ard Mhacha nó Contae Ard Mhacha (Armagh as Béarla) é an contae is lú ó thaobh achair de i dTuaisceart Éireann.
Tá sé suite i ndeisceart Chúige Uladh. Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha
Contae Ard Mhacha | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Príomhchathair | Ard Mhacha | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 174,792 (2011) | ||||
• Dlús | 139.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Tuaisceart Éireann | ||||
Achar dromchla | 1,254 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach | ||||
Pointe is airde | Sliabh gCuillinn (573 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Logainm.ie | 100001 |
Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.
Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomhreiligiún. Fuair a lán saighdiúirí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Contae Ard Mhacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.