Astaitín

Is é an t-astaitín dúil uimhir a 85, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná At.

Ceann de na halaiginí atá ann, ach le fírinne, is dúil éagobhsaí ghearrshaolach radaighníomhach é, agus is é is brí lena ainm féin ná "éagobhsaí, neamhbhuan, duthain". Is é astaitín a 210 an t-iseatóp is fadsaolaí - 8.1 uair an chloig ar leathré. Mar sin, is deacair toirt mhór astaitín a chur le chéile, agus dá n-éireodh an cleas le haon duine, ní bheadh fonn air féin dul i gcóngar na toirte sin chomh radaighníomhach is a bheadh sí.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAstaitín
Astaitín
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Astaitín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAt
Uimhir adamhach85
Peiriad, Grúpapeiread 6
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Fiuchphointe503
Leictridhiúltacht2.2
Stair
AimsitheoirEmilio Segrè
Fionnachtain1940
Eapainminstability (en) Aistrigh
Astaitín

Ba iad Dale R. Corson, Emilio Segrè agus Kenneth Ross McKenzie a shintéisigh an chéad eiseamal astaitín sa bhliain 1940. Ba iadsan a d'ainmnigh an dúil freisin. Roimhe sin, bhí eolaithe eile cinnte go raibh siad tar éis dúil uimhir a 85 a aithint. Sa bhliain 1931, thug Fred Allison in Institiúid Pholaiteicniúil Alabama alabaimín ar an dúil seo, ach sa deireadh tháinig chun solais nach raibh a fionnachtain déanta aige ar aon nós. Bhí an ceimiceoir Rajendralal De ag obair in Dhaka san India (inniu, an Bhanglaidéis), agus sa bhliain 1937, mhol an ceimiceoir seo daicín mar ainm don dúil, ó cheap sé go raibh sí faighte aige. Mhol an ceimiceoir Walter Minder an t-ainm heilvéitiam, a bhí bunaithe ar ainm Laidine a thíre dúchais, an Eilvéis.

Sa bhliain 1943, d'aithin Berta Karlik agus Traude Bernert go bhfuil iarsmaí beaga astaitín ar fáil sa dúlra mar thoradh idirmheánach don mheath radaighníomhach. Ní bhíonn ach adamh anseo agus adamh ansiúd ann, áfach, chomh gearrshaolach is a bhíonn na hiseatóip go léir.

Mar sin, tá ár n-eolas ar an astaitín tearc tanaí, agus ni féidir mórán leasa a úsáid as ach an oiread. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé sách cosúil leis an iaidín ó thaobh na ceimice de, agus is dócha gur féidir comhdhúile astaitín a úsáid i radaiteiripe - is é sin, le cealla ailse a mharú le radaíocht.

Tagairtí

Tags:

Dúil cheimiceachIseatópLeathréRadaighníomhaíochtSiombail cheimiceachUimhir adamhach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Saddam HusseinDave GrohlThe BeatlesFilidTeoiric choibhneasachta Einstein216 RCJessica AlbaDiúcacht na BriotáineLeac RosettaSíceolaíochtIúpatar (pláinéad)CadairneAiltireachtSólAn BhrasaílCúmánaighTeileachumarsáidLiam III ShasanaAn Foras Ghael-MheiriceánachSallustiusDroichead Francis Scott Key (Baltimore)Drosera rotundifoliaAn ChambóidLille9 Deireadh FómhairAlexander HamiltonAn LibiaAretha FranklinSeandálaíocht30 MeitheamhOlltáirgeacht intíreEarrach na nArabach1976Dara Cogadh DomhandaAn fearann poiblíCoccymys albidensAn Araib ShádachDude, Where's My Ranch?PortsmouthBolcánachtCrédit SuisseEmma WatsonAiko, An Banphrionsa Toshi1272Maureen PotterDearadh intíGayle RubinStairMeáin sruthaitheKanye WestPhilip Seymour HoffmanGeorg Wilhelm Friedrich HegelNico RosbergCumarsáidBratachJeanne d'ArcDuineNanaitheicneolaíochtAn tSeicTuaisceart Éireann1695An BéarlaElijah MuhammadDennis CockrumHenry FordCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014RéamhstairBMWMuir OcatscCamp NouBrad PittCuauhtémoc (delegacion Chathair Mheicsiceo)Horst Köhler🡆 More