Séard atá i gceist le grúpa sa chomhthéacs seo ná colún ceartingearach i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach.
Tá ocht ngrúpa déag sa tábla peiriadach; níl uimhreacha ar na colúin f-bhloc (idir grúpaí 2 agus 3). Tá tréithe fisiciúla nó ceimiceacha comhchosúla ag na dúile i ngrúpa sna leictreonscealla is forimeallaí dá n-adamh (i.e., an croí-lucht céanna), toisc go bhfuil lámh in uachtar ag suíomh fithiseach an leictreoin is forimeallaí ar fhormhór na n-airíonna ceimiceacha.
Tá an córas uimhrithe nua-aimseartha “grúpa 1” go “grúpa 18” molta ag Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF) ó thart ar 1990. Tagann sé in ionad dhá scéim ainmniúcháin neamh-chomhoiriúnach níos sine, a úsáideann an tSeirbhís Achomaireacht Cheimiceach (SAC), (nó CAS sa Bhéarla, ar a mbíonn níos mó éilimh sna SA air), agus ag AIGCF roimh 1990 (níos mó éilimh san Eoraip). De ghnáth glacann pobal na ceimice le córas na ɲ-ocht ngrúpa déag, ach tá easaontas éigin ann faoi bhallraíocht roinnt dúl. Den chuid is mó baineann easaontais le dúil uimhir 1 agus 2 (hidrigin agus héiliam), chomh maith le miotail thrasdultacha istigh.
Is féidir grúpaí a shainaithint freisin ag baint úsáide as an dúil is airde ̈(in uachtar̠) atá acu, nó ainm sonrach a bheith acu. Mar shampla, déantar cur síos ar ghrúpa 16 freisin mar an "grúpa ocsaigine" agus mar na "calcaiginí". Eisceacht is ea an “grúpa iarainn”, a thagraíonn de ghnáth do “ghrúpa 8”, ach sa cheimic d’fhéadfadh go gciallódh sé iarann, cóbalt, agus nicil, nó sraith de dhúile eile a bhfuil airíonna ceimiceacha comhchosúla acu. San réaltfhisic agus san fhisic núicléach, tagraíonn sé de ghnáth d’iarann, cóbalt, nicil, cróimiam, agus mangainéis.
AIGCF reatha | AIGCF sean (An Eoraip) | Córas SAC (Meiriceá Thuaidh) | Ainm a úsáidtear | Ainm de réir na dúile | Nóta |
---|---|---|---|---|---|
Grúpa 1 | IA | IA | Miotail alcaileacha | Colún na hidrigin (nó an litiam) | Ní mheastar gur miotal alcaileach í an hidrigin, atá sa cholún seo. Is gnách í a aicmiú in éineacht leis na miotail alcaileacha, toisc go bhfuil aon leictreon amháin ar an leictreonsceall s'aici, díreach mar atá ag na miotail sin ar an leicteonsceall is faide amuigh. |
Grúpa 2 | IIA | IIA | Miotail Chré-alcaileacha | Colún an bheirilliam | |
Grúpa 3 | IIIA | IIIB | miotail thearc-chré | Colún an scaindiam | Athraíonn comhdhéanamh an ghrúpa seo de réir na n-údar: más é an dúil den chéad dá pheiriad scaindiam agus itriam i gcónaí, is iad an lúitéitiam agus an láirinciam , nó an lantanam agus an achtainiam , an chéad dá pheiriad eile. |
Grúpa 4 | IVA | IVB | Colún an tíotáiniam | ||
Grúpa 5 | VA | VB | Colún an vanaidiam | ||
Grúpa 6 | VIA | VIB | Colún an chróimiam | ||
Grúpa 7 | VIIA | VIIB | Colún na mangainéise | ||
Grúpa 8 | VIII | VIIIB | Colún an iarainn | ||
Grúpa 9 | VIII | VIIIB | Colún an chóbailt | ||
Grúpa 10 | VIII | VIIIB | Colún na nicile | ||
Grúpa 11 | IB | IB | Colún an chopair | ||
Grúpa 12 | IIB | IIB | Colún na since | ||
Grúpa 13 | IIIB | IIIA | Colún an bhóróin | ||
Grúpa 14 | IVB | IVA | Colún an charbóin | ||
Grúpa 15 | VB | VA | Pnictiginí | Colún na nítrigine | Tugann an AIGCF faomhadh don téarma pnictigin ach is beag úsáid a bhaintear as |
Grúpa 16 | VIB | VIA | calcaiginí | Colún na hocsaigine | Tugann an AIGCF faomhadh don téarma calcaigin ach is beag úsáid a bhaintear as |
Grúpa 17 | VIIB | VIIA | halaiginí | Colún an fhluairín | |
Grúpa 18 | O | VIIIA | triathgháis | Colún an héiliam (nó an neoin) |
Seo iad a leanas grúpaí an tábla pheiriadaigh:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Grúpaí an tábla pheiriadaigh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.