Is é an láirinciam dúil cheimiceach uimhir a 103, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Lr.
Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin, is dúil throm thrasúránach é.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Láirinciam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Lr |
Uimhir adamhach | 103 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 achtainíd |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.3 |
Stair | |
Aimsitheoir | Albert Ghiorso |
Fionnachtain | 14 Feabhra 1961 |
Eapainm | Ernest Orlando Lawrence |
Ba é an fisiceoir Albert Ghiorso ba thúisce a chruthaigh adaimh láirinciam, ar an 14 Feabhra 1961. Fuair an dúil a hainm ón tsaotharlann ina raibh Ghiorso agus a fhoireann ag obair, mar atá, Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley in Ollscoil California. Is í an teicníocht a bhí in úsáid ag Ghiorso agus a chuid cúntóirí ná targaid trí mhilleagram a raibh trí iseatóp calafoirniam inti a bhombardú le núicléis bhóróin ar cuireadh luas fúthu i Luasaire Líneach na dTromian (Heavy-Ion Linear Accelerator). Ghiorso agus a fhoireann a cheap an t-ainm don láirinciam, agus is é an giorrúchán a mhol siad ná Lw; bhí Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) sásta leis an ainm, ach d'athraigh an cumann an tsiombail cheimiceach go Lr.
Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an láirinciam. Is é an ceann is cobhsaí atá ann ná láirinciam a 262, ach tagann an meath radaighníomhach ar an gceann sin féin sách sciobtha, nó tá sé timpeall ar 3.6 uair an chloig ar leathré. Mar sin, níl sé furasta taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an láirinciam, ach is é an tátal a bhaineann na ceimiceoirí as go bhfuil sé cosúil go leor leis an lúitéitiam atá suite os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl. Bhí na saineolaithe in ann ocsaíd láirinciam Lr2O3 a tháirgeadh, rud a thugann le fios gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an láirinciam ina chuid comhdhúl. Ní thagann sin aniar aduaidh ar aon duine, ós é seo an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh araon.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Láirinciam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.